Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 March 2018

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2018
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

1:30 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Táthar ag breathnú ar na moltaí a tháinig isteach faoin bpróiseas comhairliúcháin phoiblí i dtaobh na haerstráicí. Tá plé ar bun leis na páirtithe leasmhara éagsúla, ar nós Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Garda Cósta na hÉireann maidir leis na haerstráicí. Aontaím leis an mhéid atá ráite faoin ról a bhí ag Pól Ó Gallchóir i dtaobh na hoileánaigh. Tháinig sé isteach coicís ó shin mar dhuine neamhspleách. Mar is eol don choiste, bhí pobalbhreith ann ag an deireadh seachtaine. Tá mé ag amharc ar an obair atá de dhíth amach anseo. Aontaím leis na moltaí a chur an tUasal Ó Gallchóir le chéile. Tá na hoifigigh ó Roinn na Gaeltachta ag obair leis an gcomharchumann inniu chun na moltaí a chur i bhfeidhm amach anseo. Tá sé tábhachtach. Tá an scéal maidir le hAer Árann casta. Baineann sé le rialacha soláthair poiblí agus le rialacha chúnaimh Stáit. Caithfidh mo Roinn cloí leis na rialacha sin. Is é sin an fáth nach bhfuil eitleán ar éileamh ar fáil faoin gconradh reatha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.