Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 March 2018

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2018
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

1:30 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Molaim na dea-rudaí atá ag titim amach timpeall na tíre. Cé gur féidir linn díriú isteach ar na dea-shamplaí sin, ní féidir linn a rá go bhfuil rudaí ag dul i bhfeabhas. Is é an mórphictiúr an príomhrud go gcaithfimid díriú air. Bíonn an tAire Stáit ag caint go minic faoin Roinn Oideachas agus Scileanna. Tá dualgas iontach ar an Roinn sin sa chomhthéacs seo, ach níl aon phlean dréachtaithe ag an Roinn sin le haghaidh na Gaeilge sna Gaelscoileanna nó sna gnáthscoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht. Fáiltím roimh an bpolasaí don oideachas Gaeltachta atá foilsithe ag an Roinn Oideachas agus Scileanna. Nuair a d'iarr mé ar an Roinn cá bhfuil a phlean le haghaidh na Gaeilge sna Gaelscoileanna agus sna gnáthscoileanna, dúradh liom nach bhfuil a leithéid de phlean ann. Tá sé sin dochreidte. Tá 46% de na naíonraí sa Ghaeltacht ag feidhmiú i mBéarla amháin faoi láthair. Níl aon phlean aitheantais ann. Níl aon phlean ann chun cabhrú leis na naíonraí. Níl aon Ghaeilge ar chor ar bith ag baint leis an gcuraclam faoin scéim ECCE, atá á riaradh ag Roinn an Aire, an Teachta Zappone. Ní fhéachann an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige gur cheart go mbeadh an Ghaeilge bainteach leis an scéim sin. Ní thuigeann iad siúd atá freagrach as an bpríomhchloch atá againn i gcóras oideachais na tíre seo gur cheart dóibh aitheantas a thabhairt do mhaitheas nó luach na Gaeilge. Taispeánann sé sin drochmheas don teanga.

Dá mbeinn sa Rialtas agus ag iarraidh a thaispeáint do dhaoine go bhfuilim i ndáiríre faoin nGaeilge, an chéad rud a dhéanfainn ná meas iomlán a thabhairt don Ghaeilge, ní hamháin i bhfocail ach i ngníomhartha freisin. Tá gníomhartha ag teastáil mar gheall ar an straitéis 20 bliain. Is rud práinneach é. Tá an Ghaeltacht ag meath go han-tapa ar fad. Mar a dúirt mé leis an Aire Stáit cheana, tá 500 páiste idir trí bliana agus ceithre bliana ag labhairt na Gaeilge taobh amuigh den scoil sa Ghaeltacht anois. Tá an Ghaeltacht ag crith ar an ngéag chaol sin anois. Táimid ag fanacht le blianta le haghaidh plean gnímh don straitéis 20 bliana. Níl mé ag iarraidh bheith ró-dhiúltach ar an ábhar seo. Tá a fhios agam go bhfuil daoine i Roinn na Gaeltachta ag déanamh a ndíchill agus tá a fhios agam go bhfuil rudaí maithe ag tarlú, ach caithfimid féachaint ar an mórphictiúr. Má tá an tAire Stáit ag iarraidh muinín a thaispeáint do na gnáthdhaoine taobh amuigh, léireoidh sé go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas teacht ar ais i gceann trí bliana nó ceithre bliana ar an €70 milliún a bhí ann le haghaidh maoiniú caipitil. Tá an Rialtas ag rá go rachaimid ar ais go dtí an méid airgid sin, ach níl an teachtaireacht sin á fháil againn ón Aire agus an Aire Stáit. Is é sin an pointe atá á dhéanamh agam.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.