Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 March 2018

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2018
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

1:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is dóigh gur thug an Aire Stáit suntas an tseachtain seo caite don tuarascáil a réitigh Seosamh Mac Donnacha ar easpa cur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain. Táispeánadh i ndáiríre nár cuireadh an straitéis i bhfeidhm. Cuireadh cinn ar éigean dó i bhfeidhm. An bhfuil i gceist ag an Rialtas an straitéis iomlán mar a scríobhadh é a chur i bhfeidhm? An bhfuil sé i gceist gach gné dó a chur i bhfeidhm transa gach Roinn Stáit? Ba é an Aire Stáit féin a chur an bhéim ar go raibh sé anois ar bord an Rialtais agus go mbeadh sé in ann a chinntiú go gcomhlíonfadh gach Roinn a ndualgais faoin straitéis. An bhfuil i gceist ag an Rialtas an straitéis a chur i bhfeidhm go hiomlán, rud a chruthaigh an tUasal Mac Donnacha nach bhfuil an Rialtas á dhéanamh?

Maidir le cúrsaí airgid, deirtear go bhfuil €178 milliún de chaipiteal ar fáil le caitheamh ar an nGaeltacht as seo go ceann deich mbliana. Is é sin €17.8 milliún in aghaidh na mbliana ar an meán. Níl ach €10 milliún ar fáil i mbliana. Sa mbliain 2008, nuair a bhí an caiteachas Stáit mar atá sé i láthair na huaire - go díreach mar a chéile leis an gcaiteachas atá i mbliana má bhreathnaítear ar an gcaiteachas vótáilte, so níl aon bhaint aige seo le hús nó rud ar bith mar sin - bhí €70 milliún caite i mbliain amháin ar chapiteal. An féidir leis an Aire Stáit a mhíniú cén fáth gur thit tábhacht na Gaeltachta agus na n-oileán chomh mór idir an dá linn?

De bharr nach bhfuil aon Fheidhmeannas ó Thuaidh, ní féidir cur leis an airgead atá á thabhairt d'Fhoras na Gaeilge mar tá srian leis an airgead ó thaobh an Thuaiscirt de. Cé na pleananna atá ag an Rialtas, ó tharla nach cosúil go mbeidh Feidhmeannas ann go luath, cur leis an gcaiteachas ar an nGaeilge ar fud an Stáit tríd an Roinn taobh amuigh den fhoras mar tá srianta móra, mar a dúirt mé, i gceist leis an bhforas?

Seo Bliain na Gaeilge. Cé mhéad atá i gceist ag an Roinn caitheamh ar Bhliain na Gaeilge i mbliana? Cuirim fáilte roimh an méid a dúirt an tAire ar ball beag go raibh €15 milliún le caitheamh ar an gcathair cultúrtha i nGaillimh. Caithfear €15 milliún as seo go 2020. Sin do chathair amháin le haghaidh bliain amháin. Cé mhéad airgid atá ar fáil do Bhliain na Gaeilge? Creidim go bhfuil an-spéis go pearsanta ag an Taoiseach ann, ach ní léir go bhfuil aon airgead ag leanacht.

An bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit seirbhís aeir a chur go dtí Inishbofin ón gCloigeann agus ó na Mine? An bhfuil i gceist úsáid fhónta a bhaint as na haerstráicí sin? An bhfuil an Aire Stáit buartha faoin laghdú seirbhíse atá i gceist le na seirbhísí ar Árainn go dtí na hOileáin Árann? Tá mé ag ceapadh go bhfuil titim ollmhór ar líon na ndaoine atá ag dul ar an tseirbhís sin mar níl an caighdeán seirbhíse atá ar fáil anois mar a bhíodh sé. Níl an chinnteacht ann go bhfaighfí eitleán. An bhfuil an Aire Stáit buartha gur cosúil go bhfuil cuid mhaith do phobal Oileán Thoraigh nach bhfuil sásta leis an gcomhréiteach atá déanta agus a mhol Pól Ó Gallchóir? Molaim an obair a rinne an tUasal Ó Gallchóir. Fear níos fearr ní fhéadfaí a fháil. Ach an bhfuil díomá ar an Aire Stáit nach bhfuil níos mó ag glacadh leis na moltaí a réitigh sé?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.