Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 March 2018

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2018
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

1:30 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá allúntas de €62.6 milliún ina iomláine ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin in 2018 i gcomparáid le €58.8 milliún do 2017. Ní áiríonn figiúirí 2017 €2.61 milliún breise a cuireadh ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ó fho-mhíreanna eile na Roinne i rith na bliana.

Maidir le caiteachas reatha, tá ardú ar allúntas mo Roinne ó bunaíodh an Rialtas seo agus cuirfidh an t-ardú seo ar ár gcumas tuilleadh acmhainní a chur i dtreo fhorfheimhmiú na straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus an phróisis pleanála teanga ach go háirithe. Tá soláthar de €14.028 milliún curtha ar fáil don Fhoras Teanga do 2018 - an soláthar do Ghníomhaireacht na hUltaise agus do Bhliain na Gaeilge san áireamh. Níl eolas maidir leis an mbriseadh síos idir Fhoras na Gaeilge agus Gníomhaireachta na hUltaise ar fáil go fóill. Is gníomhaireacht den Fhoras Teanga é Foras na Gaeilge. Cuirtear maoiniú ar fáil d’Fhoras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise ó Roinn ó Dheas agus ón Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann de réir bhuiséid atá ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas.

D’éirigh liom allúntas caipitil Údarás na Gaeltachta a ardú i mbliana go €7 milliún agus tugadh allúntas breise in airgead reatha don eagraíocht i mbliana le dáileadh ar na comharchumainn Gaeltachta. Tá €178 milliún in airgead caipitil curtha ar fáil i dTionscadal Éire 2040 le caitheamh ar thograí Gaeilge, Gaeltachta agus oileánda sa thréimhse deich mbliana atá amach romhainn.

Sin €78 milliún in airgead úr anuas ar an suim de níos mó ná €10 milliún in aghaidh na bliana atá á chaitheamh ar na nithe céanna faoi láthair. San áireamh sa phlean forbartha náisiúnta seo, tá gealltanas go méadófar buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta go €12 milliún in aghaidh na bliana, go gcaithfidh mo Roinn €4 milliún ar lárionad Gaeilge i gcathair Bhaile Átha Cliath agus go ndéanfar forbairt ar ghréasán d’ionaid Gaeilge timpeall na tíre agus sna líonraí Gaeilge agus sna bailte seirbhíse Gaeltachta ach go háirithe. Cuirfear airgead breise isteach sna scéimeanna caipitil Gaeltachta atá á riar ag mo Roinn chomh maith, cur chuige a thacóidh le pobail Gaeltachta a gcuid pleananna teanga a chur i bhfeidhm.

Sa chomhthéacs sin, ní mór a nótáil chomh maith go bhfuil buiséad reatha na Roinne don phleanáil teanga méadaithe ó €1.25 milliún anuraidh go dtí €2.65 milliún i mbliana. D’fhógair mé roimh na Nollag go mbeidh allúntas breise ar fiú suas le €50,000 thar tréimhse 12 mhí á chur ar fáil faoin bpróiseas pleanála teanga i leith cúig limistéar faoi leith. Is de bharr dúshlán faoi leith atá bainteach leis na ceantair seo a tógadh an cinneadh seo. Is sa bhreis ar an €100,000 a bheidh ar fáil do gach limistéar pleanála teanga Gaeltachta a bhfuil plean teanga faofa agam faoin bpróiseas atá an t-allúntas breise seo á chur ar fáil. I bhfianaise go bhfuil dúshlán tíreolaíoch ar leith leis na trí oileáin Árann atá aitheanta mar limistéar pleanála teanga amháin, tá i gceist go dtiocfaidh an limistéar seo faoi scáth an tsocraithe seo chomh maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.