Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 28 March 2018
Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Estimates for Public Services 2018
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)
1:30 pm
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
Bhí sé cheist in iomlán. Gabhaim buíochas leis an Teachta faoi choinne na ceisteanna. Tá seans agam na sonraí a thabhairt i mo fhreagra. Maidir leis an straitéis 20 bliain, nuair a tháinig mé isteach sa phost in 2014 dúirt mé gurbh é an straitéis 20 bliain an chloch is mó ar mo phaidrín. Táim fós ar an intinn chéanna. Táimid ag obair ar an phlean gníomhaíochta cúig bliana. Beidh achan rud socraithe maidir leis na freagraí ó na Ranna éagsúla trasna an Rialtais. Beimid san áit cheart laistigh de choicís maidir leis sin. Maidir le cur i bhfeidhm na straitéise, ar a raibh ceist an Teachta, táimid ag dul ar aghaidh maidir leis an straitéis 20 bliain. In 2015 bhí €500,000 ar fáil faoi choinne-----
No comments