Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

4:45 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá rud amháin faighte amach agamsa. Nuair is rud diúltach é, tá rud ar bith indéanta ó thaobh na Gaeilge de. Tá rud ar bith indéanta a cheapann tú gur plean maith é. Faigheann tú amach go gcuirtear i bhfeidhm é ar bhealach an-aisteach.

Táimid ag caint ar phleananna a réiteach agus tuarascálacha a sholáthar. San áit seo, cuirtear moill ar tuarascálacha ar chúiseanna éagsúla. Chonaic muid leis an bplean tuaithe sampla maith den rud atá ar bun anseo. Ní dhearnadh tada ach scríobhadh chuig chuile Roinn ag iarraidh orthu céard atá i gceist acu a dhéanamh leis na gceantair thuaithe ar fad. Sheol siad ar fad ar ais na rudaí ar fad atá ar bun acu, ar nós scoileanna agus bóithre faoin tuath, agus bully for that. Cuireadh chuile rud isteach i leabhar mór, ach níl aon rud ann a chuirfidh ceantair thuaithe chun cinn nach raibh ar bun cheana féin. Tá sé soiléir sna tuairiscí ar an straitéis 20 bliain go bhfuil an-chumas ag an Státseirbhís tuairiscí a scríobh nach bhfuil tada téagartha nua iontu atá comhdhéanta. Le gairid, bhreathnaigh mé ar an bplean náisiúnta ó thaobh na Gaeltachta de. An bhfuil moladh ar bith sa chreatlach phleanála nó sa phlean forbartha ó thaobh forbairt na Gaeltachta? An bhfuil aon rud ann nach raibh ann? Táthar chun ionad do chomharchumann nó comhlacht forbartha Inis Meáin a thógáil, agus bully for that. Tá súil agam go dtuigeann an tUasal Ó Coisdealbha an méid atá á rá agam. An bhfuil aon rud ann a dhéanfaidh difríocht nach raibh ann cheana? Is é sin an fáth go bhfuil mé in amhras gur féidir an rud seo a dhéanamh gan toil Rialtais. Nuair a deirim "toil Rialtais", nílim ag caint ar thoil na Státseirbhíse - tá mé ag caint faoi dheimhniú ag teacht anuas ó bhord an Rialtais go ndéanfar é seo. Dar liom, is cuma cén reachtaíocht a chuirfidh muid i bhfeidhm - caithfear Rialtas a bheith ann a deireann go ndéanfar é seo agus mura ndéanfar beidh an tAire ag leagan síos go ndéanfar mar is cinneadh Rialtais é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.