Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

4:45 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Arís shamhlóinn go mbeadh caighdeán difriúil leagtha síos do Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil pobal líonmhar le Gaeilge ann, agus go mbeadh na dualgais ar eagraíochtaí i mBaile Átha Cliath níos troime ó thaobh na seirbhísí go gcaithfí a chur ar fáil de bharr gur léir go bhfuil daoine ann le Gaeilge atá ag iarraidh a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Shamhlóinn go mbeadh an córas leagtha síos le freastal ar contaetha eile sa tír freisin. Sílím gurb í an imní atá an Teachta á léiriú ná go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh níos lú dualgas ann de thoradh chóras na gcaighdeán sin. Ach ní fheicim gur cheart go dtarlódh sé sin ar aon bhealach. Bheidh sé an-tábhachtach go leagfaí síos sa reachtaíocht nua go leanfadh aon ghealltanas atá in aon scéim teanga nach bhfuil clúdaithe ag caighdeán ar aghaidh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.