Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

4:55 pm

Mr. Colm Ó Coisdealbha:

Tá rudaí áirithe go bhfuil smacht againn orthu agus tá rudaí áirithe nach bhfuil aon smacht againn orthu ar chor ar bith. Táimid ag rá go bhfuil buanna ag baint leis na scéimeanna teanga mar phróiseas agus mar chóras. Táthar in ann iad a chur in oiriúint don eagraíocht. Is é sin an bua is mó. Is í an deacracht atá leo ná go bhfuil siad bunaithe ar phróiseas idirbheartaíochta. Aontaíonn an dá pháirtí céard iad na seirbhísí a chuirfear ar fáil de thuras na huaire, mar a deirtear. Má tá eagraíocht ann atá iontach báúil - tá caint déanta ar an toil a bheith ann - aontaítear riar maith. Tá mé in ann samplaí a thabhairt den chineál sin scéim. Táimid ag féachaint ar an bpróiseas agus ar an gcóras. Dá bheimis uilig ag dul sa treo céanna, bheimis in ann a rá "tá na scéimeanna mar uirlis le fáil ansin". Is próiseas idirbheartaíochta iad faoi láthair, áfach. Nuair a aontaítear rudaí, cuirtear coinníollacha agus teorainneacha leo in áiteanna áirithe ach ní tharlaíonn a leithéid in áiteanna eile. Ní bhíonn an toradh cinnte. Táimid ag caint faoi chóras caighdeáin cosúil leis na rialacháin atá déanta le comharthaíocht, stáiseanóireacht agus mar sin de. Tá sé luaite sa reachtaíocht gur féidir aicmí difriúla caighdeáin a leagan síos de réir mar a shocraítear. Is féidir breathnú ar aicmí difriúla caighdeáin ag aon tráth nó ag aon bhealach. Sa bhreis air sin, má theastaíonn uainn dul i ngleic réasúnta sciobtha le rud éigin a tharlaíonn gan choinne nó rud éigin faoi leith nach bhfuil clúdaithe ag na caighdeáin, ba cheart dúinn dualgas a leagan ar bhealach éigin eile taobh amuigh de na caighdeáin, bíodh sin i bhfoirm scéim nó ar aon bhealach eile, ionas go mbeidh údarás nó cumhacht ag Aire dul i ngleic leis an gcineál sin rud.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.