Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:00 pm

Mr. Caobhán Ó Maoláin:

Ag obair sa Státchóras mar a dúirt an Seanadóir, beidh sé iontach má táimid in ann níos mó poist a chur ar fáil le Gaeilge mar gheall gur í an teanga dúchais atá againn. Má tá líon na Gaeilgeoirí ins an Státseirbhís chomh beag sin, cén fáth? Tá Gaeilge ag na daoine atá ag obair sna poist sin. Beadh súil agam go mbeadh postanna ar fáil i nGaeilge. Cuireadh ceist orainn freisin, an bhfeicimid go mbeimid in ann obair i bpostanna atá Gaeilge leo agus níor chuir aon duine suas a lámha. Níl sé sin féaráilte. Ba bhreá le gach duine obair i gceann Gaeilge ach níl siad ar fáil. Má tá seans obair trí Ghaeilge, tá mé cinnte go dtógfadh gach duine anseo an seans sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.