Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

Sin an Acht atá ag teacht agus táimid ag déanamh réamh-machnamh ar an Acht sin faoi láthair. Thart ar an ceist, cén fáth go bhfuil sé chomh íseal sin, 1.6%, sin ceist maith. Deireann na feidhmeannaí ón Rialtas linn a bhí istigh os comhair an coiste, tá sé chomh íseal sin mar nach bhfuil an éileamh ann. Níl pobal na tíre ag iarraidh seirbhís trí mheán na Gaeilge. Ní glacaim leis sin. Ní fheictear dom go bhfuil sé sin fíor. Muna bhfuil na seirbhísí ar fáil agus na daoine fostaithe ins na Ranna Rialtais in ann an seirbhís a chur ar fáil, ní bheidh dóchas nó misneach ag pobal na tíre an seirbhís sin a lorg. Sin an fáth a bhfuil an Bille sin ag dul os comhair Tithe an Oireachtas faoi láthair. Shílfeá go mbeidh ar an Stát daoine le Gaeilge a fhostú. Béarfaidh sé sin deis do na finnéithe, beidh siad ag déanamh cúrsa nó céim agus beidh deiseanna fostaíocht a bhaint amach ins an Státchóras. Bheadh sé sin go hiontach. Tá súil agam go mbeidh suim ag na finnéithe a bheith ag obair don Stát agus do na Rannaí Rialtais. Tá a fhios agam go bhfuil na múinteoirí ag déanamh jab iontach. Tá an HSE ann agus tá go leor Ranna Rialtais eile ansin fosta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.