Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

Bhí mé ag smaoineamh ansin go bhfuil scoil amháin ó Bhaile Átha Cliath - cathair Bhaile Átha Cliath - againn anseo agus scoileanna ó na hoileáin, agus go bhfuil difríocht mór idir an dá scoil agus difríocht mór idir a bheith i gcónaí i gcathair agus a bheith i gcónaí ar oileán amuigh ón chósta agus na deacrachtaí a bhaineann leis sin. Tá buntáistí mór ag baint leis sin fosta. Tá deacrachtaí ann do dhuine a bheith ina chónaí i mBaile Átha Cliath faoi láthair mar a chualamar, de bharr costasaí ard agus mar sin de.

Bhí réimse leathan plé ag na finnéithe, bainteach le chúrsaí oideachais, cúrsaí saoil, cúrsaí oibre, cúrsáí infreastruchtúir agus na deacrachtaí a bhaineann le go leor de ne gnéithe sin. Bheadh an múnla céanna amhlaidh i go leor scoileanna ar fud na tíre. Ní hamháin ar na hoileáin ach ar scoileanna eile fosta.

Tá an saol aithrithe go mór ón t-am bhí mé féin agus cuid de na lads anseo ar scoil. Tá an saol aithrithe go mór ón t-am a bhí an Teachta Ó Cuív ar scoil. Bhí fóin póca ag teacht isteach i 1999 nó 2000, thart faoin am sin, ach anois tá na smartphones ag gach duine. De réir an daonáireamh deireanach, tuigim go bhfuil smartphone anois ag thart ar 80% de pobal na tíre. Déantar go leor den surfáil ar an Idirlíon ar an fón póca anois nó ar an smartphone.

Tá an banda leathan tábhachtach? Níl a fhios agam an bhfuil an seirbhís ó thaobh an banda leathan sásúil ar na hoileáin go háirithe. Tá sé go maith i mBaile Átha Cliath. Níl sé go maith i mo cheantar i nDún na nGall. An bhfuil sé go maith ar na hoileáin? Tá go leor de todhchaí cúrsaí cumarsáide, cúrsaí oideachais agus an saol ag brath ar seirbhís láidir banda leathan. Mar shampla, bhí cuid de na finnéithe ó na hoileáin ag rá go mbeidh siad ag fágáil na hoileáin tar éis dóibh cúrsa ollscoil a dhéanamh agus nach raibh na deiseanna fostaíochta oiriúnacha ar na hoileáin. B'fhéidir go mbeidh na finnéithe ag dul ar ais ag plé le cúrsaí feirmeoireacht agus iascaracht agus mar sin de. Ó thaobh na deiseanna fostaíochta oiriúnacha a bheith ar na hoileáin agus ar an mhórthír, táthar ag brath go láidir ar chúrsaí banda leathan. Bheadh sé suimiúil a fháil amach conas mar atá rudaí faoi láthair ó thaobh sin de.

Luaigh na finnéithe liúntas na muinteoirí. Tá sé sin tábhachtach. Tá coiste eile de Tithe an Oireachtas, an Coiste Oideachais agus Scileanna, tar éis moltaí sonra a dhéanamh i dtaca le cúrsaí oideachais ar na hoileáin go háirithe. Ceann de na moltaí ná go mbeadh an liúntas, €1,600 nó rud éigin mar sin, tugtha ar ais do na múinteoirí. Táimid go léir ag tabhairt tacaíocht dó sin.

Chonaic mé fógra ar suíomh Idirlíon éigin an bhliain seo caite nuair a bhí meánscoil thuas in Albain ag iarraidh múinteoir a earcú agus bhí siad ag cur ar fáil pá de thart faoi £50,000 le cos teach, le bheith ina chónaí ar an teach ar an oileán. Níl a fhios agam an bhfuil Rialtas na hÉireann ag cur sin ar fáil do mhúinteoirí anseo. Ní dóigh liom go bhfuil. Tá na deacrachtaí céanna ansin in Albain agus i dtíortha eile. Caithfimid a bheith dáiríre faoi chúrsaí oideachais ar na hoileáin. Tá sé tábhachtach an seirbhís sin a chur ar fáil. Tá a fhios agam ó thuaidh, oileán Thóraigh, oileán Árann Mór, go bhfuil an caighdeán oideachais ar fáil ins na meánscoileanna ar na hoileáin go hiontach ar fad. Cruthaíonn sé sin deiseanna iontach fosta. Tá sé tábhachtach go mbeidh an tacaíocht iomlán ar fáil dó sin.

An chéad ceist ná an ceist faoin banda leathan agus an tarna ceist ná, an aontaíonn na finnéithe go mbeidh na deiseanna fostaíochta a bheidh ar fáil dóibh amach anseo ag baint usáid as an Gaeilge? An bhfeiceann na finnéithe, mar mic léinn, go mbeidh deiseanna fostaíochta ann? Tá Bille os comhair an coiste seo faoi láthair agus ceann de na moltaí atá ins an Bhille ná go mbeidh 20% de na daoine atá ag obair ins an Státchóras, sin an Civil Service, go mbeidh Gaeilge acu. Sin na fostóirí úr nó na daoine úr a bheidh á earcú ag an Státchóras. An aontaíonn na finnéithe leis sin? Faoi láthair tá 1.6% de na daoine atá ag obair ins na Civil Service a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu, in ann seirbhís a chur ar fáil. Tá sé chomh íseal sin. An maitheas seo, as 7,500 daoine atá ag obair ins na civil service, níl ach thart faoi 500 acu a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus in ann seirbhís a chur ar fáil. Sin sprioc atá leagtha amach ins an Bille úr ná 20%. Go dté an tuairim atá ag na finnéithe ar sin? An bhéarfaidh sé sin deiseanna do na finnéithe? An bhfeiceann na finnéithe iad féin ag obair ins an Stáchóras? Beidh sin suimiúil, dá mbeadh daltaí Gaelscoileanna agus daltaí ó na Gaeltachtaí le chéile. Sin dhá cheist, ó thaobh banda leathan agus ó thaobh a bheith ag obair ins an Státchóras, Civil Service, agus an bhfuil suim ag na finnéithe?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.