Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:00 pm

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent) | Oireachtas source

Táimid uilig ar thuras. Thug sé dha bhliain orm, bíodh go raibh mé an-páirteach sa chumann díospóireacht i nGaillimh, sa lit and deb go háirithe. De réir a chéile, toisc go raibh mé páirteach sna díospóireachtaí, chuir mé suim san iriseoireacht agus is iriseoireacht a rinne mé i ndiaidh an choláiste. Thóg céim amháin go chéim eile mé, bíodh nach raibh a fhios agam ag an dtús, céard a bhí i ndán dom. Más féidir liom rud a mholadh do na finnéithe, is é gach rud ar féidir leo a thógáil as saol an choláiste. Beidh an deis ag formhór dóibh dul ag an gcoláiste. Molaim dóibh gach deis a thógáil mar go maolaíonn na deiseanna sin ár laigí. Fiú an ócáid seo inniu, cé gur iontach é agus cé gur léir dom go bhfuil na finnéithe breá sásta cur agus cúiteamh a dhéanamh leis an gcoiste, mar sin féin, go pointe áirithe tá dúshlán ann freisin? Caithfear stuif a réiteach agus smaoineamh ar na ceisteanna a chuirfear ar an gcoiste. Is iontach ócáidí mar seo chun ár laigí a mhaolú agus ár mbuanna a threisiú. Gheobhaidh na finnéithe na deiseanna sa choláiste é sin a dhéanamh.

Mar a dúirt mé, bhí mé an-tógtha, ní hamháin leis an radharc cuimsitheach a bhí ag na finnéithe, ach le saibhreas a chuid Gaeilge freisin. A bheith ag éisteacht leis na bhfinnéithe inniu, is léir nach aistriúcháin amháin ó Bhéarla go Gaeilge atá i gceist. Chuala mé saibhreas na Gaeilge sna nathannaí a d'úsáid siad. Bhí duine amháin ag caint faoi ainmneachaí cleite a bheith in úsáid chun táillí ollscoile a chur isteach gan daoine a bheith á cáineadh agus mar sin de. Bhí saibhreas na Gaeilge le cloisteáil ó na finnéithe an t-am ar fad agus chuir sé sin áthas orm.

Nuair a bhímid ag freastal agus ag breathnú ar na fadhbanna, ná caill muinín as an daonlathas ag an am céanna. Léigh mé rud le déanaí, faoin Iodáil nó na Stáit Aontaithe b'fhéidir, go bhfuil go leor daoine óga ann nach gcreideann san daonlathas a thuilleadh. B'fhéidir gurb é Trump nó daoine eile ag leagadh cúis an sort dímheas. Tá sé sin fíor-chontúirteach. Tá áthas orm go bhfuil na finnéithe anseo inniu ag plé leis an gcoiste agus ag léiriú a mhuinín as an bpróiséas daonlathas, fiú má tá fadhbanna móra agus tá na fadhbanna casta. Ag an am céanna tá na deiseanna againn inniu dul i ngleic go pointe áirithe leis an bhfadhb sin.

Is dócha nach raibh ar na finnéithe Peig Sayers a léamh. An bhfuil sé sin aithrithe go mór sna scoileanna? Bhí orainn, agus is cuimhin liom a bheith ag léamh Peig agus bhí mé in ísle brí, bhí an saol chomh deacair. Is cuimhin liom í a bheith ag caint faoi na daoine a bheith ag dul ar imirce agus cé chomh brónach agus a bhí daoine, nach bhfeicfeadh siad a clainne a thuilleadh ach ag an am céanna ag rá, bíonn súil le muir ach ní bhíonn súil le huaigh. B'shin nath Gaeilge eile.

Nílim ag déanamh beag de na fadhbanna ach ag an am céanna, bímis dóchasach i gcónaí go bhfuil ar ár gcumas dul i ngleic leis na fadhbanna. Beidh sé deacair i gcónaí. Ní bheidh sé riamh chomh héasca do dhuine fanacht ar an oileán. Ní féidir gach rud a dhéanamh, aon áit a bhfuil daonra beag ann. Sin le bheith réalaíoch faoi. An dúshlán atá romhainn ná an fhadhb sin a mhaolú chomh mór agus is féidir le go mbeidh níos mó deiseanna ná mar atá anois ann.

Molaim na finnéithe go mór agus mo buíochas leo as ucht dóchas a thabhairt do na coiste inniu agus coinnigh leis an géar-anailís ar rudaí mar is ar an gcaoi sin a dhéantar dul chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.