Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)
5:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Caithfidh mé a rá go dtagaim leat go hiomlán. Is é mo bharúilse, cloisim caint ar ranganna Gaeilge, agus bhíodh plé agamsa go hindíreach le Gaeleagras mar Aire na Gaeltachta agus ba mhaith ann é ar mhaithe le Gaeilge chúirtéiseach a fhoghlaim. Is beag acu a ndeachaigh isteach ag plé le Gaeleagras ar bheagán Gaeilge agus a tháinig amach líofa a bhféadfaí gnóthaí laethúla a dhéanamh trí Ghaeilge. Bhí siad in ann beannú duit ar an bhfón agus rudaí mar sin ach ní raibh siad in ann gnóthaí an lae a dhéanamh. Bhí roinnt daoine eile agus bhí aithne agam orthu, bail ó Dhia orthu, agus bhíodh siad in ann dul go dtí an Ghaeltacht agus tá aithne agam ar dhaoine as an nGaeltacht a ndeachaigh abhaile ar feadh coicíse chun Gaeilge a fhoghlaim agus bhí sé sin thar cionn ar fad, agus b'iontach an deis saoire, agus cén dochar é sin ach oiread?
Go praiticiúil, agus 99% de na hearcaigh ag teacht isteach an dorais, caithfidh a dhéanamh cinnte trí theastas neamhspleách a ghnóthú, go bhfuil dóthain Gaeilge ag an duine le gnóthaí an lae, gnáthghnóthaí oifigiúla a dhéanamh trí mheán na Gaeilge nó nach bhfuil.
Tá córas Cheanada thar a bheith spéisiúil mar tá trí leibhéal i gceist acu siúd, duine a bhféadfadh feidhmiú mar chainteoir dúchais na Fraincise, is é sin daoine a bhfuil Gaeilge iomlán cumasach oibre acu, nó sa Fhraincis sa chás acu siúd. An dara leibhéal ná daoine a bhféadfadh roinnt obair a dhéanamh sa Ghaeilge agus ansin tá tríú leibhéal, is é sin abair go raibh áit ann agus go raibh gá roimh a gnó, duine éigin nach mbeadh an oiread sin plé acu leis an bpobal ach go mbeadh an cúpla focal acu agus tá siad an-righin faoi seo, agus ní hiad an státseirbhís a shocraíonn é seo. Tá sé seo ar fad déanta taobh amuigh den státseirbhís ag dream atá údaraithe, mar a bheadh lucht na gceadúnas tiomána, leis na ceadúnais seo a eisiúint, agus mar sin coinníonn siad na caighdeáin. Tá nós in Éirinn, mura bhfuiltear in ann dóthain daoine a fháil - feicimid é seo le múinteoirí scoile - go bhfuil an caighdeán Gaeilge laghdaithe ó thaobh na múinteoirí thar na blianta. An gceapann sibh go mbeidh sé tábhachtach, má táimid ag caint ar 20% nó cibé cé mhéad faoin gcéad, go mbeidh teastas iomlán neamhspleách lena bhaint amach i gceist, seachas an státchóras a bheith ag déanamh teist orthu féin, agus ag déanamh cinnte do mhuintir na n-uimhreacha go mbeadh na caighdeáin ag na daoine nó nach mbeadh?
No comments