Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

5:00 pm

Ms Orla McMorrow:

Is fíor, cinnte, é sin. Tá an ceart go hiomlán agat. Bíonn eagla ar dhaoine a rá go bhfuil Gaeilge acu nó a ligean orthu go bhfuil flúirse Gaeilge acu, toisc go bhfuil an eagla sin ann. Tá an dá rud fíor, tá daoine ann go bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus tá siad an-sásta tabhairt faoi ranganna Gaeilge agus feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. An t-aon bhealach ar féidir teacht thar an bhfadhb seo ná daoine a bhreith isteach ón dtús atá líofa sa Ghaeilge ach nach mbeadh orainn córas oiliúna a chur ar fáil dóibh agus má tá barraíocht daoine le Gaeilge ann ní bheidh fadhb ann bogadh ar aghaidh nó bogadh ó Roinn go Roinn agus, b’fhéidir, ardú céime a bhaint amach. Ní bheidh an sceon sin ar dhaoine. I láthair na huaire an rud atá ag tarlú le deich nó cúig bliana dhéag anuas ná go bhfuil daoine a raibh Gaeilge acut ag fágáil an chórais. B'fhéidir go bhfuil siad imithe ar scor nó bogtha go dtí áit éigin eile. Níl na daoine ag teacht isteach ar an líon céanna a bhfuil Gaeilge acu. Tá laghdú ag teacht an t-am uilig maidir le daoine atá líofa sa teanga. Is é an rud is mó atá mar bhac ar oifigeach forbartha Gaeilge ná go bhfuilimid ag iarraidh Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm. Tá suim againn na rialacháin agus gach rud eile a chur i bhfeidhm ach táimid ag treabhadh inár n-aonar toisc nach bhfuil go leor earcaíocht nó daoine á n-earcú le Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.