Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Níl. Fanann an scéim ann go ndéantar leasú ar Acht 2003 agus go dtagann an scéim nua i bhfeidhm. Leanfaidh sé sin. Níl aon mholadh ann go ndéanfar aon athrú air sin. Ba cheart go bhfanfadh na scéimeanna ann mar tá róil ag na scéimeanna. Ní ceart deireadh a chur leis sin ar fad. An rud a bhí i gceist a dhéanamh, dála an scéil, nuair a bhí mise i m'Aire agus sinn tar éis na chéad scéimeanna a chur i bhfeidhm ná, sa an dara céim de na scéimeanna, cineál scéime caighdeánaigh A, B nó C a leagadh síos do eagraíochtaí áirithe. Is é an rud céanna atá i gceist leis an reachtaíocht seo. Dá mba rud e go raibh duine ag plé, mar shampla, le Comhairle Contae Chiarraí nó na Gaillimhe nó mar sin de, bheadh sé nó sí ag plé le scéim A agus bheadh dualgais i bhfad níos leithne agus i bhfad níos troime orthu ná mar a bheadh dá mbeadh and duine sin ag plé leis an Radiological Protection Agency nó rud éigin. Níor cuireadh é sin riamh i bhfeidhm. Ní dheachthas ar aghaidh leis. Leis é sin a chur i bhfeidhm agus déanamh cinnte de go nglacfar leis, agus is é sin an fáth go bhfuilim i bhfábhar an dlí a athrú, caithfear meamram Rialtais a thabhairt isteach á aontú cad iad na heagraíochtaí a bheadh faoi scéim A, B nó C. Bheadh cinneadh an Rialtais ann leis sin, agus chaithfeadh na fo-eagraíochtaí de chuile Roinn Stáit glacadh leis sin, mar go mbeadh an tAire tar éis glacadh leis. Ní dóigh liom go bhfuil an toil sin sa Rialtas, agus mar sin tá mé i bhfábhar go ndéanfar ar an mbealach atá dá bheartú. Bhí sé indéanta ar an mbealach eile, mar shampla, leis an Rialtas ina raibh mise mar chuid de, agus gheofaí tríd an Rialtas é. Tá mé go mór i bhfábhar go ndéanfar é ar an mbealach atá dá bheartú.

Bhí caint inné againn faoi úsáid na Gaeilge istigh sna comhairlí contae nó, mar shampla, i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, HSE. Déarfainn go n-admhódh na Teachtaí Dála anseo go bhfuil muidne ar nós an phobail. Is é sin, má tá aithne againn ar dhuine éigin sa tseirbhís atá in ann a ghnóthaí nó a gnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge, déanfaimid ár ngnóthaí trí Ghaeilge leis nó leí ar son an phobail. Mura bhfuil, déanfaimid trí Bhéarla iad. Tá comhairle contae áirithe i mo dháilcheantar, agus má ghlaotar uirthi ar an bhfón, gheobhtar freagra má táthar ag iarraidh seirbhíse trí Ghaeilge, brú a haon, má táthar ag iarraidh seirbhíse trí Bhéarla, brú a dó. Lá amháin, mar amadán, bhrúigh mise a haon, agus tháinig guth taifeadta ar ais chugam á rá gur oth leo nach raibh an duine le seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge ar fáil faoi láthair agus go dtiocfar ar ais chugam. Bhí mise ag iarraidh freagra ar an gceist áirithe ar an toirt, so chuir mé síos an fón, bhrúigh mé a dó an dara huair agus d'iarr mé an bhféadfaí mé a chur tríd go dtí an rannóg pleanála, rud a rinneadh agus áit a rinne mé mo ghnóthaí trí Bhéarla. Ní raibh mise sásta fanacht dhá lá nó trí lá go dtí go nglaofadh an duine le Gaeilge ar ais orm. Níl an milleán ar an duine amháin le Gaeilge san áit. Ní fhéadfaidís a bheith ina shuí nó ina suí cois teileafóin an lá uilig le freagra a thabhairt ar Éamon Ó Cúiv. Mar sin féin, is é sin an rud atá ag tarlú chuile áit. Níl oifigeach Gaeilge ann agus bíonn daoine ag plé le Béarla sa rannóg tithíochta agus rannóga eile toisc nár cuireadh frontline staff ann.

An dara rud, agus tháinig mé isteach ag deireadh an chomhrá, ó thaobh istigh den chóras de, mura bhfuil go leor Gaeilgeoirí ann, beidh faitíos ar na Gaeilgeoirí go sáinneofar i jabanna go brách iad mar gurb iad an duine le Gaeilge. Chomh maith leis sin, beidh faitíos orthu go landáilfidh síad ag déanamh aistriúcháin agus chuile ní beo agus ag tógáil glaonna gutháin ó dhaoine eile ar fad mura bhfuil gréasán ceart daoine istigh sna heagraíochtaí. Bheadh an-spéis agamsa tuairimí na bhfinnéithe a fháil maidir leis sin, mar is dóigh liomsa go bhfuil go leor daoine le Gaeilge nach dteastaíonn uathu a bheith luaite le Gaeilge ar fhaitíos go sáinneofar iad ó thaobh dul chun cinn agus go gcuirfear dualgais orthu. Feicfimid é á tarlú sa Teach seo, aon duine a bhfuil in ann é seo nó é siúd a aistriú. Fuair mé an tuairim uaidh na finnéithe gurb shin an fhadhb atá ann, go bhfuil faitíos ar sheirbhísigh phoiblí go sáinneofar iad, go gcuirfear lipéad orthu agus go ndéarfar gurb é nó gurb í seo an duine le Gaeilge. Bheadh post mar EO sa Státseirbhís, nó cibé cineál gráid é sin sa tseirbhís phoiblí, ag an duine sin agus bheadh sé nó sí ró-luachmhar lena chur nó lena cur chun tosaigh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.