Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)
5:00 pm
Mr. Emmet Ó Fatharta:
Tá sé sin an-tábhachtach. Bhí sé luaite againn ag pointe amháin mar gheall ar chaighdeán Gaeilge: b'shin an teideal atá ann sa cháipéis air sin. An píosa a bhí luaite ná de réir an mhúnla Teastas Eorpacha na Gaeilge, TEG, go mbeadh pas le gradam ag leibhéal B2 i labhairt na Gaeilge agus pas i scríobh na Gaeilge ag leibhéal B2 ag daoine a bheadh ag dul isteach ag plé le Gaeilge labhartha agus Gaeilge scríofa. Le cur leis sin, ó mo thaithí féin, rinne mé comórtas cúpla bliain ó shin don phost ina bhfuilim faoi láthair, agus go ndearnadh rud cineál ar an gcaoi sin, go raibh na hagallaimh agus na tástálacha síciméadracha á reáchtáil mar is gnách faoi chúram na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, PAS. Ansin ina dhiaidh bhí an sruth Gaeilge á dhéanamh, is dócha mar bhreiseán don chomórtas, agus mar chuid de sin, bhí tástáil sa bhreis sa scríobh agus sa labhairt agus bhí sé sin faoi chúram lucht na hollscoile Mhá Nuad, an dream atá i bhfeighil ar na gnáthscrúduithe TEG. Shíl mé go raibh fiúntas leis sin agus go bhféadfaí a bheith ag brath air go raibh caighdeáin arda ag na daoine a bhí ag teacht amach as.
No comments