Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

5:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Cinnte. Tá mise lán i bhfábhar an Bille seo, go huille agus go hiomlán, agus táimid ag iarraidh leasaithe a dhéanamh dó maidir le cúrsaí earcaíochta agus cúrsaí comharthaí bóithre freisin mar tá siadsan ró lag nó níl siad ann. An rud a bheadh an Rialtas nó daoine sna Ranna ag rá ná nach mbeidh daoine le fáil le dóthain Ghaeilge le gur féidir leo a phost a dhéanamh go hiomlán i gceart. Beidh siad ag díriú ar an bhfadhb atá ann leis na hoifigigh Gaeilge, fiú na hoifigigh Gaeilge atá og obair san earnáil seo, agus is dream beag atá iontu i ndáiríre nuair a chuirtear iad i gcomparáid le cé chomh mór is atá an tseirbhís poiblí. Cad ba chúis nach bhfuil Gaeilge ag na daoine sin? An bhfuil fadhb ann mar gheall ar cúrsaí earcaíochta? Tá daoine sa seirbhís poiblí le Gaeilge iontach ach níl siad ag iarraidh dul isteach i phost atá teoranta ar an Ghaeilge mar ceapann siad go gcuireann sé sin srian ar forbairt a chuid gairm os a comhair. Má tá sé sin fíor, cad is féidir linne a dhéanamh nó cad ba cheart dúinne a chur isteach sa Bhille seo chun stop a chur leis sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.