Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)
5:00 pm
Ms Orla McMorrow:
Ón aighneacht atá curtha isteach againn féin, an rud is fearr go bhféadfaí a dhéanamh ná go gcuirfear deis nó foráil ar chomhlachtaí go mbeadh Gaeilge líofa ag ar a laghad 30% de earcaigh nua, agus an líofacht sin go dtí an chaighdeán atá luaite againn, B2 sa scríobh. Feictear dúinn go bhfuil an-chuid Gaelscoileanna ar fud na tíre, sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht, agus caithfidh go bhfuil Gaeilgeoirí ann. Caithfear breathnú air. Má tá Gaeilge ag duine is cinnte go bhfuil Béarla aige nó aici. Níl deacracht mar gheall ar na teangacha. Is é an deacracht ná daoine a tharraingt isteach ins an chóras.
No comments