Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

5:00 pm

Mr. Roibeard Ó hEartáin:

Tagaimid le chéile uair sa bhliain, bíonn comdháil bliaintiúil againn, bíonn an doras oscailte go gach oifigeach forbartha Gaeilge atá ag obair san earnáil phoiblí, agus fáiltímid roimh gach éinne teacht. Go hiondúil bíonn trí chinn de cheardlann againn ar maidin agus bíonn ceann amháin acu siúd trí Bhéarla chun freastal orthu siúd nach bhfuil an Gaeilge acu. Cuireann sé laincisí ar an eagraíocht féin nuair atá oifigeach acu nach bhfuil an dátheangachas ar a gcumas acu, gan trácht ar an dúshlán agus na deacrachtaí a chothaíonn sé don oifigeach féin a bheith ag déileáil leis an gceist seo ar bhonn leanúnach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.