Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

5:00 pm

Ms Orla McMorrow:

Tá mé ag breathnú ar na rialacháin chomharthaíochta agus molaimid go mbeadh lámhleabhar na gcomharthaí tráchta curtha faoi bhonn rialacháin chomharthaíochta Acht na dTeangacha Oifigiúla. Molaimid sin toisc faoi láthair tá an dá rud ag teacht salach ar a chéile agus cruthaíonn sé deacrachtaí. Mar atá sé faoi láthair, níl sé chomh soiléir do dhaoine cén rialacháin go mba chóir go mbeidís ag faire orthu. Chífidh an coiste go mbeadh sé i bhfad níos fearr go mbeadh idirdhealú déanta faoin dátheangacht agus úsáid dathchódaithe seachas cló iodálach mar atá scríofa ins an lámhleabhar do chomharthaí tráchta. Bheadh soiléiriú déanta ag baint úsáid as dathanna chun go ndéanfar idirdhealú idir an téacs Gaeilge agus Béarla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.