Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

5:00 pm

Mr. Roibeard Ó hEartáin:

An pointe deireanach den aighneacht a thagann anseo ná maidir le ról na n-oifigeach forbartha Gaeilge féin. I láthair na huaire, tá cuid mhaith de na hoifigigh forbartha Gaeilge ag feidhmiú go maith ag leibhéal áirithe sóisearach ins na heagraíochtaí mórthimpeall na tíre. Tá sé seo ag cothú deacraíochtaí leanúnach sa mhéid agus go bhfuilimid ag teacht an-dhéanach go dtí aon cinntí atá á thógaint i dtaobh polasaithe nó i dtaobh straitéisí. Bíonn na polasaithe nó na straitéisí curtha in áit agus ansin, ag deireadh an lae nó ag deireadh na seachtaine, tagann scéal chomh fada linn agus tugtar faoi ndeara nach bhfuil an straitéis nó an polasaí ag teacht le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. De bharr go bhfuil muidne mar oifigigh ag feidhmiú ag leibhéal chomh sóisearach sin, nílimid ag an leibhéal atá ag teastáil le gur féidir na pointí seo a ardú ag an am cuí. Moltar obair an oifigigh forbartha Gaeilge a aithint mar phost sainiúil ag leibhéal sinsearach san eagraíocht lena chinntiú go n-áireofaí an Ghaeilge i ngach gné d'fheidhmiú na heagraíochta sin.

Tá eireaball eile leis an scéal seo sa mhéid is go bhfuil roinnt de na hoifigigh forbartha Gaeilge nach bhfuil Gaeilge acu ar an gcéad dul síos, rud a chothaíonn fíordheacrachtaí dóibh féin. Anuas ar sin b'fhéidir go mbeadh cúpla jab le déanamh acu laistigh den eagraíocht. Má tá dhá nó trí jab éagsúil le déanamh ag duine, b'fhéidir go dtógfaidh an ceann eile tús áite. Tá na deacrachtaí seo ann go leanúnach. Sin an fáth go bhfuil an moladh sin déanta againn. Sin an ráiteas tosaigh a Chathaoirligh agus fáiltímid ar aon cheisteanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.