Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

5:00 pm

Mr. Emmet Ó Fatharta:

Tiocfaidh mise suas ar an chéad phointe eile, is e sin caighdeán Gaeilge ag daoine agus iad á earcú isteach sa tseirbhís phoiblí. An rud atá molta againn anseo ná go mbeadh ar a laghad pas le gradam i labhairt na Gaeilge ag leibhéal Teastas Eorpach Gaeilge, TEG, B2 ag daoine agus iad ag teacht amach, ionas go bhféadfadh siad plé a bheith acu ina iomlána le custaiméirí, bíodh siad ina custaiméirí Gaeltachta nó daoine le Gaeilge agus iad ag cuartú seirbhís i nGaeilge agus nach mbeadh orthu iompar ar an mBéarla, le go dtuigfí iad agus ina theannta sin, má tá oifigigh chun a bheith ag plé le comhfhreagras nó aon ábhar scríofa den chineál sin, bíodh sé ina rud á chur amach nó bíodh sé ina fhreagairt ar aon comhfhreagras tagtha isteach chun na hoifige, go mbeadh pas ar a laghad i scríobh na Gaeilge ag TEG B2, ag an leibhéal sin.

Más féidir liom, leanfaidh mé ar aghaidh chuig an bpointe mar gheall ar choinníoll conartha. Tá samplaí feicthe againn thar na blianta mar gheall ar rudaí a bhíonn á reáchtáil thar cheann nó á reáchtáil ag comhlachtaí príobháideacha do na húdaráis áitiúil nó na Ranna Rialtais, sa státseirbhís, nach gcoinníonn leis na coinníollacha teanga atá ar an Roinn nó an bunchomhlacht sin de réir na scéimeanna teanga agus de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla agus bheadh uainn díreach soláthar iomlán a bheith ann go mbeadh coinníoll curtha isteach sa reachtaíocht nua a thabharfaidh le fios go gcaithfí aon obair atá déanta thar cheann Ranna Rialtais nó oifigí Rialtais nó údaráis áitiúil nó aon dream eile den tseirbhís phoiblí cloí leis na coinníollacha céanna atá orthu agus na dualgais céanna atá orthu faoin reachtaíocht sin ionas go mbeadh seirbhís foriomlán á fháil ag an bpobal ón airgead a bhíonn á chaitheamh ag gach Roinn agus gach comhlacht phoiblí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.