Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

5:00 pm

Ms Orla McMorrow:

Chuireamar isteach aighneacht agus táimid chun pointí a shoiléiriú i dtaobh na ndréacht-ceannteideal agus tá na cinn a táimid chun díriú orthu - Uimh. 3, 4 agus 5 - sa dréacht a chuireamar chuig an coiste.

Maidir le huimhir a trí, d'fhéadfaí an chéad alt i gceannteideal a naoi a léamh mar 20% de earcaigh nua do na hoifigí lonnaithe sa Ghaeltacht, go háirithe sa leagan Béarla den téacs. Moltar seo a leasú le 100% de earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge i ngach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ionas gur féidir leis na hoifigigh sin feidhmiú trí mheán na Gaeilge.

Maidir le huimhir a ceathar, d’fhéadfaí an bhrí a bhaint as nach mbainfeadh an córas earcaíochta nua de 20% leis na comhlachtaí poiblí ach le comórtais earcaíochta atá eagraithe ag Public Appointments Service, PAS, amháin. Moltar seo a leasú le agus arna riar ag gach comhlachta poiblí a chur i bpointí a haon go dtí a trí.

Níl aon tréimhse ama luaite leis an nóta míniúcháin, rud a fhágann go bhféadfaí Lá Philib an Chleite a bheith mar an spriocdháta chun an cuspóir seo a bhaint amach. Moltar seo a leasú le céatadán earcaíochta faoi leith a leagadh síos don earnáil phoiblí le teacht i bhfeidhm ó dháta faoi leith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.