Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

5:00 pm

Mr. Roibeard Ó hEartáin:

Gabhaim buíochas don choiste as an gcuireadh. Ba dheas liom a rá díreach ag an tús gur gréasán tacaíochta agus urlabhraithe iad do oifigí forbartha Gaeilge san earnáil poiblí agus eile, is ea Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge agus mar chuid dár ndualgas, tacaímid lenár n-eagraíochtaí féin san earnáil phoiblí chun seirbhísí custaiméir a sholáthar trí mheán na Gaeilge. De réir ár scéimeanna Gaeilge agus de réir forálacha rialachán agus Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tacaíonn an gréasán lena chéile, tríd eolas a roinnt, taithí a mhalartú agus cur chuige comónta a phlé agus a aontú ar mhaithe le dea-chleachtas, éifeacht agus luach airgid. Sin an fáth go bhfuil an cumann seo curtha ar bun agus fágfaidh mé faoi Orla Mc Morrow tosnú ar an ráiteas tosaigh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.