Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

5:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Táimid ar ais arís ag leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas agus ár grinnscrúdú réamhtheachtach ar Bhille na Teangacha Oifigiúla agus ba mhaith liom céad míle fáilte a chur roimh na hionadaí ó Chumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge, agus go háirithe Roibeard Ó hEartáin, Orla McMorrow agus Emmet Ó Fatharta. Gabhaim buíochas leo. Gabh mo leithscéal mar táimid go léir faoi bhrú inniu. Is rud neamhghnách é ach beidh mé ag dul ar ais go dtí an Dáil agus beidh an Teachta Dála Aindrias Moynihan sa Chathaoir ansin. Gabh mo leithscéal faoi sin agus gabhaim buíochas don Seanadóir.

Maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh, tá rud le léamh amach agam. Bím i gcónaí ag lorg an focal i nGaeilge ar mouthful ach is mouthful an rud seo seo. Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009 go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl sibh i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise agaibh. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár cóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina n-ainm, ina hainm nó ina ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm, no ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. So, má tá focal ag na finnéithe ar mouthful, ba mhaith liom é a cloisteáil.

Tá ráitis tosaí ag na finnéithe an bhfuil? Tá. An bhfuil cóipeanna ar fáil?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.