Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

5:00 pm

Mr. Roibeard Ó hEartáin:

I dtaobh ansin, ag dul ar aghaidh tríd an aighneacht ansin, is dócha gurb é an polasaí earcaíochta an rud is mó a chínn muidne mar chumann, an rud is tábhachtaí ar fad atá ann ó thaobh seirbhísí Gaeilge a fhorbairt san earnáil phoiblí. Muna bhfuil Gaeilge ag oifigigh tá sé fíor-dheacair seirbhís Gaeilge a chur ar fáil agus ar an mbonn sin táimid ag moladh san aighneacht go gcuirfí polasaí earcaíochta nua in áit sa tSeirbhís Ceapacháin Phoiblí, agus sna comhlachtaí poiblí, ina mbeidh Gaeilge labhartha líofa ag 30% de fostaithe nua. Tabhair faoi ndeara gur 20% atá molta ag Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Táimid féin ag moladh 30% agus go mbainfidh sé sin le daoine ag feidhmiú ag an líne tosaigh san earnáil phoiblí ionas mar is é sin an chéad pointe teagmhála leis an bpobal agus go bhfanfaidh sé sin i bhfeidhm go dtí go mbeidh suas le 20% den bhfoireann chuí in ann seirbhísí a sholáthar go compordach trí mheán na Gaeilge.

Ar mhaithe le na seirbhísí trí Ghaeilge a thairiscint don bpobal, moltar go mbeidh dhátheangachas feidhmiúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag baill foirne sna poist seo a leanas: oifigigh ag grád a trí, a ceathair agus a cúig sna húdaráis áitiúla agus a gcomhionainn i ngach comhlacht poiblí eile, a sholáthraíonn seirbhísí custaiméara ag an líne tosaigh ar nós cuntar poiblí agus malartán; oifigigh eile san earnáil phoiblí a bhíonn ag plé go rialta leis an bpobal, ar nós oifigigh forbartha Gaeilge, oifigigh phreasa, oifigigh seirbhísí custaiméara agus leabharlannaithe; agus i gcás oifigigh a bheith lonnaithe nó ag obair go rialta sa Ghaeltacht, bheimid ag moladh go mbeadh Gaeilge acu ar fad maraon leis an mBéarla dar ndóigh, ina measc oifigigh riaracháin, innealtóirí áitiúla, oifigigh áitiúla i gcomhlachtaí poiblí ina measc An Post, An Garda Síochána, An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, na húdaráis áitiúla agus oifigigh áitiúla i ngach comhlacht poiblí eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.