Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 February 2018

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Na hEalaíona agus an Ghaeilge: Plé

1:30 pm

Mr. Pól Ó Gallchóir:

Fáiltíonn Foras na Gaeilge roimh an deis tuairimí a léiriú i leith na healaíona agus an Ghaeilge. Bunaíodh an foras i Mí na Nollag 1999. Tá sé freagrach as labhairt agus scríobh na Gaeilge a chur chun cinn sa saol poiblí agus sa saol príobháideach ar fud an oileáin seo. Tá freagracht ar leith ar Fhoras na Gaeilge freisin tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge. Tá ról ag Foras na Gaeilge i dtaca le comhairle a chur ar lucht Rialtais, Thuaidh agus Theas, agus ar chomhlachtaí poiblí agus ghrúpaí eile sna hearnálacha príobháideacha agus deonacha i ngach réimse a bhaineann leis an nGaeilge.

De réir Chuid 5 den reachtaíocht faoinar bunaíodh Foras na Gaeilge, an tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999, tá na feidhmeanna seo a leanas ag an fhoras: an Ghaeilge a chur chun cinn; úsáid na Gaeilge a éascú; comhairle a thabhairt don dá lucht riaracháin, do chomhlachtaí poiblí agus do ghrúpaí eile; tionscadail tacaíochta a reáchtáil; dul i mbun taighde, feachtais tionscnaimh agus caidreamh poiblí leis na meáin; téarmaíocht agus foclóirí a fhorbairt; agus tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge. Tá 16 ball ar bhord Fhoras na Gaeilge. Is é an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas a cheapann na comhaltaí boird. Aistríodh foireann Bhord na Gaeilge, an Gúm agus an coiste téarmaíochta a ngníomhaíochtaí go dtí Foras na Gaeilge, agus ó shin i leith, aistríodh cúram Bhord na Leabhar Gaeilge agus cúram Cholmcille in Éirinn Thuaidh agus Theas chuig Foras na Gaeilge sa bhliain 2008.

Tá Foras na Gaeilge freagrach don Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas, nó CATT, agus tuairiscímid don Roinn ó Thuaidh agus an Roinn ó Dheas. Faoi láthair, tá oifigí ag Foras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, i gContae na Mí, i mBéal Feirste agus i nGaoth Dobhair. Maidir leis an Ghaeilge agus na healaíona, cuirimid riachtanais na Gaeilge ó Thuaidh agus ó Dheas san áireamh de réir na gcúraimí atá leagtha ar Fhoras na Gaeilge faoin reachtaíocht bunaithe. Tá réimse leathan scéimeanna maoinithe ag Foras na Gaeilge chun tosaíocht a chur ar fáil don phobal an Ghaeilge a shealbhú agus a úsáid. Bíonn na scéimeanna sin, a thacaíonn le féilte, complachtaí drámaíochta, foilsitheoirí agus scríbhneoirí, ar fáil don phobal sa dá dhlínse. Is mór an onóir é dúinn cur i láthair a dhéanamh don choiste seo. Iarraim anois ar phríomhfheidhmeannach an fhorais, Seán Ó Coinn, tuilleadh cur síos a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.