Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 February 2018

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Na hEalaíona agus an Ghaeilge: Plé

1:30 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe go léir anseo inniu, agus gabhaim míle buíochas leo as teacht anseo. Inniu, is é na healaíona agus an Ghaeilge an t-ábhar a bheidh á phle ag an gcoiste. Chun an cheist seo a phlé, cuirim míle fáilte roimh na finneithe go léir as teacht isteach inniu. Tá a fhios agam go bhfuil aimsir uafásach ann agus gur thaistil go leor daoibhse achar fada chun bheith anseo agus míle buíochas as sin. Ó Foras na Gaeilge tá Pól Ó Gallchóir, cathaoirleach, Seán Ó Coinn, príomhfheidhmeannach, agus Éamon Ó hArgáin; ó Údarás na Gaeltachta tá Micheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach, Micheál Ó Fearraigh agus Siubhán Nic Grianna; ón Comhairle Ealaíon tá Liz Meaney; agus ó Fibín tá Darach Ó Tuairisc. Sula dtosóimid le bhur bhfianaise ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go mbeidh, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lanphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh ámh eirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear do na finnéithe gan tagairt a dhéanamh ina gcuid fianaise d'aon ábhar ach amháin le hábhar a bhaineann leis na himeachtaí seo, agus fiafraítear díobh déanamh de réir an cleachtais parlaiminte nach cóir, más féidir, duine ná eintiteas a cháineadh le líomháintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó in n-ainm nó ar shlí a bhféadfaí é, í nó iad a aithint.

Ba mhaith liom freisin na finnéithe a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Tá na cuir i láthair ar fad atá curtha isteach ag na finnéithe scaipthe i measc na baill. Iarraim ar ionadaí ar son gach eagraíocht cur i láthair a dhéanamh ar feadh deich nóiméad, ag tosú le Foras na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.