Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 February 2018

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Na hEalaíona agus an Ghaeilge: Plé

1:30 pm

Mr. Seán Ó Coinn:

Aithníonn an pobal i gcoitinne an tábhacht a bhaineann leis na healaíona i sochaí i bpobal ar bith nó i dtír ar bith, agus go háirithe i gcás na hÉireann. Bíonn an litríocht, an ceol, na físealaíona, an drámaíocht, an damhsa, an amhránaíocht agus na scannáin mar chuid de shaol an uile dhuine againn. Cothaíonn siad an intinn, an croí agus an t-anam ó dhubh go dubh ar ár gcuid fóin cliste, ar an raidió, ar an scáileán teilifíse, sna pictiúrlanna, sna hamharclanna, sna tithe tábhairne agus inár n-ionaid choirme. Táimid á n-aithint níos mó agus níos mó mar dhlúthchuid de gheilleagar na tíre. Tá tábhacht ag baint leis na healaíona dár meabhairshláinte agus dár sláinte coirp. Tá siad in úsáid inár gcuid scoileanna le cuidiú le páistí a bhfuil deacrachtaí iompair acu.

Bheadh ár saol, ár sláinte, ár n-oideachas agus ár ngeilleagar níos measa as go mór gan na healaíona. Tá an tábhacht chéanna sin uilig ag na healaíona trí Ghaeilge do shochaí na Gaeilge, do na pobail éagsúla ina bhfuil an Ghaeilge á húsáid nó á forbairt agus do mhórphobal na hÉireann. Gan na healaíona trí Ghaeilge, beidh saol, sláinte, oideachas agus geilleagar na gceantar ina mbíonn an Ghaeilge á húsáid mar theanga phobail níos measa as. Gan gníomhaíocht bhríomhar sna healaíona sna pobail Ghaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, beidh sé níos deacra ag na pobail sin maireachtáil mar phobail. Gan na healaíona trí Ghaeilge a bheith á gcur chun cinn go bríomhar, ní thiocfaidh pobail nua Ghaeilge chun cinn, agus cuirfidh sin go mór le meath na bpobal Gaeilge atá againn ar fud na tíre. Gan na healaíona trí Ghaeilge, beidh ról na Gaeilge mar chuid de shainiúlacht mhórphobal na tíre seo ag dul i laghad de réir a chéile.

Agus muid ag plé cheist na Gaeilge agus na n-ealaíon, tá sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir thrí rud éagsúla: na healaíona dúchasacha ar nós ceol, amhránaíocht agus damhsa traidisiúnta; na healaíona scríofa agus labhartha trí Ghaeilge, ar nós drámaíocht, litríocht, filíocht agus ábhar scríofa agus labhartha trí Ghaeilge, go háirithe i gcomhthéacs úsáid na Gaeilge; agus na healaíona ginearálta de gach cineál, ar nós ceol, damhsa, litríocht agus na físealaíona de gach cineál i bpobail ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga phobail. Nuair atáimid ag caint faoina leithéid de phobail, táimid ag caint ní hamháin faoi phobail Ghaeltachta ach freisin faoi na pobail atá ag teacht chun cinn mar phobail labhartha Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, ar nós Cluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath agus Baile Locha Riach i gContae na Gaillimhe.

Dar le Foras na Gaeilge, imríonn na healaíona ról riachtanach sa tsochaí trí chuidiú le pobal ar bith é féin a chur in iúl agus a bhféiniúlacht a léiriú agus a shainiú. Tá sé ríthábhachtach go gcuirtear ar a gcumas do na pobail Ghaeilge ar fud na tíre, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, a bhféiniúlacht a chur in iúl i dtéarmaí na n-ealaíon i gcoitinne, ní hamháin i dtéarmaí na n-ealaíon dúchasacha, tábhachtach agus araile mar atá na healaíona dúchasacha i gcomhthéacs na bpobal Gaeilge ach freisin thar réimse iomlán na n-ealaíon. Is féidir a rá go gcaithfear réimse iomlán na n-ealaíon trí Ghaeilge a bheith ar fáil ag pobail na Gaeilge ina bpobail féin. Caithfear ealaíona trí Ghaeilge a fhorbairt sna pobail nua Ghaeilge atá ag teacht chun cinn sa tír. Is dlúthchuid iad na healaíona den phróiseas pleanála teanga sna ceantair sin. Bíonn an dá bhéim seo ag Foras na Gaeilge agus muid ag tacú leis na healaíona: forbairt na n-ealaíon go ginearálta sna ceantair ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga phobail, mar dheis ag pobal na Gaeilge sna ceantair sin sóisialú trí mheán na Gaeilge agus le deis a thabhairt dóibh gréasáin shóisialta a fhorbairt trí na ealaíona; agus forbairt na n-ealaíon mar chuid de shaol na bpobal sin le go mbeidh deis ag daoine a gcuid buanna sna healaíona a fhorbairt agus a chleachtadh, agus sin a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Tá an-tábhacht leis an tríú gné den Ghaeilge agus na healaíona in Éirínn, mar atá na healaíona trí Ghaeilge a chur i láthair mhórphobal na hÉireann. Go minic is leis na healaíona dúchasacha agus leis an Ghaeilge a chuirtear sainfhéiniúlacht na hÉireann in iúl, mar shampla, trí fhilíocht na bhfilí Gaeilge ar nós Nuala Ní Dhomhnaill agus Cathal Ó Searcaigh, tríd an ról a bhíonn ag an Ghaeilge le linn Fleadh Cheoil na hÉireann, trí cheoltóirí ar nós Seosamh Ó hÉanaigh agus Sibéal Ní Chasaide, agus trí dhamhsa agus amhránaíocht ar an sean-nós. Nuair a dhéantar iarracht a chur in iúl don domhan céard atá sainiúil faoi Éirinn - céard a thugann ár sainiúlacht dúinn i measc thíortha an domhain - is minic a tharraingítear ar an Ghaeilge agus ar an Ghaeilge sna healaíona. Mar thír, is mithid dúinn a aithint go bhfuil tábhacht ar leith leis an Ghaeilge agus muid ag cur shainiúlacht na hÉireann in iúl trí na ealaíona i gcoitinne.

Go príomha, is trí mhaoiniú a chur ar fáil do dheontaithe agus trí chomhairle a chur ar fáil don dá chomhairle ealaíon ó Thuaidh agus ó Dheas a chuireann Foras na Gaeilge na healaíona Gaeilge agus cultúr agus saíocht na Gaeilge chun cinn sa tír seo. Cuimsíonn obair Fhoras na Gaeilge i réimse na n-ealaíon scéimeanna deontais le haghaidh féilte agus imeachtaí eile dírithe ar na healaíona trí Ghaeilge, ar nós scéim na bhféilte, scéim na gcomplachtaí drámaíochta, scéim na dtionscadal litríochta agus roinnt scéimeanna eile a dhírítear ar fhoilsiú leabhar agus ar scríbhneoireacht na Gaeilge.

Tá scéim na gcomplachtaí drámaíochta dírithe ar ghrúpaí drámaíochta amaitéaracha agus proifisiúnta, grúpaí nua-bhunaithe san áireamh, atá ag iarraidh drámaí Gaeilge nó drámaí dátheangacha a léiriú. Lena chois sin, díríonn an scéim ar fhorbairt pobail freastail agus féachána le haghaidh imeachtaí drámaíochta trí Ghaeilge. Tá sé tábhachtach a aithint, ach oiread le drámaíocht sa Bhéarla, gur gá pobail féachana don drámaíocht a chothú agus a fhorbairt.

Díríonn scéim na bhféilte ar fhéilte a bhfuil mar aidhm acu na healaíona Gaeilge, na healaíona dúchasacha agus oidhreacht na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach mar chuid den fhéile. Arís eile tríd an scéim bímid ag iarraidh ardán a chur ar fáil do na healaíona Gaeilge do phobal na Gaeilge, don mhórphobal agus d’earnáil na n-ealaíon. Bíonn tábhacht leis na féilte seo ní hamháin do chainteoirí Gaeilge sa phobal, ach bíonn tábhacht leo fosta do dhaoine a bhíonn ag dul do na healaíona trí Ghaeilge le hardán a chur ar fáil dóibh lena n-ealaíon a chur i láthair an phobail.

Cuireann Foras na Gaeilge cúnamh eile ar fáil do ghnéithe eile de na healaíona trí scéimeanna chlár na leabhar Gaeilge a thugann tacaíocht d’fhoilsitheoirí, do scríbhneoirí agus do ghrúpaí atá ag iarraidh scríbhneoireacht na Gaeilge a chur i láthair an phobail. Cuir i gcás Imram, an fhéile mhór dírithe ar litríocht na Gaeilge anseo i mBaile Átha Cliath, agus imeachtaí eile litríochta.

Is mithid cúpla focal a rá sa chomhthéacs seo faoi na ciorruithe ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge. In 2016 agus 2017 fuair Foras na Gaeilge €16.4 mhilliún mar bhuiséad leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann, Thuaidh agus Theas, le riar ar riachtanais uile na teanga. Le dearcadh siar ar an stair go gasta, cúpla bliain i ndiaidh bhunú Fhoras na Gaeilge in 1999 bhí buiséad Fhoras na Gaeilge inchurtha, ar bhealach, le buiséad na Comhairle Ealaíon, fíric a thug aitheantas do mhéid agus d’ilchineálacht na hoibre a bhí faoi chúram Fhoras na Gaeilge, mar fhoras nua tras-Teorann. Ag an am sin in 2002 bhí buiséad de €19.7 milliún ag Foras na Gaeilge, i gcomparáid le €34 mhilliún ag an Chomhairle Ealaíon. Bhí cóimheas 1:2 idir an dá eagraíocht. Sa lá atá inniu ann, faigheann Foras na Gaeilge isteach agus amach €17 milliún sa bhliain le riar ar riachtanais iomlána na tíre i ngach réimse den teanga. Sin titim de €2.7 milliún ó na blianta tosaigh sin, ag dul siar go dtí 2002, i gcomparáid le €60 milliún, isteach agus amach, atá ag an Chomhairle Ealaíon in 2016 agus é sin méadú de €26 mhilliún ó na blianta tosaigh sin i dtús an chéid. Dá réir seo, bíonn ar Fhoras na Gaeilge cuid mhór den fhreagracht a bhaineann leis na healaíona trí Ghaeilge a fhágáil ag an Chomhairle Ealaíon. Faraor géar, ní féidir le Foras na Gaeilge ach tacaíocht bheag a chur ar fáil sa réimse seo. Cé go dtaitníonn sé go mór linn go bhfuil an Rialtas ag tabhairt an leibhéil sin aitheantais do na healaíona sa Stát agus go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an bhuiséad atá againn in Éirinn do na healaíona i gcoitinne, is trua mhór ghéar é nach bhfuil an rud céanna i ndiaidh tarlú maidir le buiséad Fhoras na Gaeilge.

Sa bhliain 2012 bhí buiséad de bheagnach €1 milliún ag Foras na Gaeilge don dá mhórscéim a luaigh mé. Sin scéim na gcomplachtaí drámaíochta agus scéim na bhféilte. De bharr ciorraithe leanúnacha ar an bhuiséad bliain i ndiaidh bliana go dtí an bhliain 2017, bhí an buiséad sin gearrtha ina leath. Tá go díreach os cionn €500,000 ar fáil anois againn. Sin gearradh de 44%. Sna blianta céanna sin ó 2008 ar aghaidh, thit buiséad iomlán Fhoras na Gaeilge ó €21 milliún go €17 milliún.

Agus sin ráite, éiríonn linn tacaíocht shuntasach a chur ar fáil do na healaíona Gaeilge. In 2017 chuir muid deontais de luach €209,000 ar fáil do 18 de chomplachtaí drámaíochta agus deontais de luach os cionn €100,000 do 44 fhéile. Ní mór an méid é i gcomhthéacs riachtanais iomlána phobail na Gaeilge ach is cúnamh éigin é. Lena chois sin, in 2017 chuir Foras na Gaeilge deontais de luach €42,000 ar fáil do Imram, féile litríochta Gaeilge anseo i mBaile Átha Cliath, agus suimeanna éagsúla maoinithe trí urraíocht do Fhleadh Cheoil na hÉireann agus roinnt féilte eile - cuir i gcás an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta agus an Fhéile Phan-Cheilteach - le go mbeadh an Ghaeilge infheicthe ag mórphobal na tíre. Déanann Foras na Gaeilge urraíocht fosta ar Ghaelspraoi mar chuid de fhéile St. Patrick’s Festival leis na cuspóirí céanna sin a bhaint amach agus go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil ag mórphobal na tíre. Tá infheistíocht déanta againn i gcomhar le Comhar, iris Gaeilge, i dtreo aird agus aitheantas a tharraingt ar scríbhneoirí na Gaeilge trí thaispeántas grianghraf a chruthú de scríbhneoirí na Gaeilge. Beidh an taispéantas is déanaí á sheoladh ag Foras na Gaeilge i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste. Bhí sé le tarlú amárach ach, de thoradh na haimsire, tá sé curtha siar.

Is é an infheistíocht is mó a dhéanann Foras na Gaeilge sna healaíona ná an deontas bliantúil a chuirfimid ar fáil d’Oireachtas na Gaeilge. In 2017 chuir muid deontais bliantúil de €85,000 ar fáil d’fhéile ealaíon seo na Gaeilge. In 2017 chuir Foras na Gaeilge deontas de €25,000 ar fáil do na gradaim liteartha a bhíonn á reáchtáil ag Oireachtas na Gaeilge. Ar ndóigh, cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil dár gcomhghleacaithe in Fíbín, atá anseo le labhairt inniu linn, fosta le tacú leis an chlár iontach imeachtaí a bhíonn ar siúl acu go háirithe leis an aos óg. In 2017 chuir muid €26,000 ar fáil do Fíbín.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin Straitéis 20 Bliain don Gaeilge sa chomhthéacs seo. Aithníonn straitéis an Rialtais don Ghaeilge, an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, an tábhacht a bhaineann leis na healaíona d’fhorbairt leanúnach na teanga. Tá trí bhunchloch pleanála teanga luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge mar atá na limistéir phleanála teanga, bailte seirbhíse Gaeltachta agus líonraí Gaeilge, nó Gaeltachtaí gréasáin mar a thugtar orthu sa straitéis. Tá sraith eile pleanála teanga ag Foras na Gaeilge mar atá an scéim pobail Ghaeilge. Le scéim pobail Ghaeilge Fhoras na Gaeilge cuirtear maoiniú ar fáil le hoifigeach forbartha Gaeilge a fhostú i 22 phobal ar fud na tíre.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.