Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

5:00 pm

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe uilig. Ar ndóigh, beidh na téamaí céanna ag dul tríd mo chuid ceisteanna. Ar dtús báire, tá cúpla ceist agam. Tá sé mar aidhm ag Bille na dteangacha oifigiúla (leasú) 2016 cinntiú go bhfuil tacaíocht éifeachtach ar fáil do dhaoine ar mian leo gnó a dhéanamh leis an Stáit trí mheán na Gaeilge. An féidir na finnéithe insint dúinn cén sórt tacaíocht go sonrach atá i gceist? An bhfuil bearta déanta nó curtha i gcrích ag an Roinn go fóill nó an bhfuil an próiseas ar siúl chun rudaí áirithe a aimsiú agus a chur i gcrích? Cé go bhfuil an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta díreach freagrach as, cad atá déanta ag Roinn na bhfinnéithe féin?

Maidir le ceannteideal 9 den Bhille, conas a rachaidh an Roinn i ngleic leis an moladh go mbeadh 20% d'earcaigh nua sa seirbhís poiblí ina gcainteoirí dhátheangacha? An mbeidh sé i bhfeidhm i ngach eagraíocht den tseirbhís poiblí i ngach grád agus i ngach rannóg nó i rannóga ar an líne thosaigh amháin? An mbeidh siad abálta gnó a dhéanamh le daoine trí mheán na Gaeilge? An mbeidh iarrthóirí in ann na scrúduithe agus na hagallaimh a dhéanamh i nGaeilge?

Maidir le ceannteideal 10 den Bhille, cén caighdeán a bheidh i gceist? Cé leis a bheidh an cúram cinneadh a dhéanamh air agus monatóireacht a dhéanamh air? Dúirt an straitéis 20 bliain don Ghaeilge i 2010, "Ní mór cláir feasachta teanga agus cláir oiliúna teanga a fhorbairt agus a neartú chun go mbeadh cion níos mó d’fhoireann na seirbhíse poiblí in ann go fírinneach feidhmiú i nGaeilge agus in ann seirbhísí a sholáthar i nGaeilge do chustaiméirí a bhíonn á n-iarraidh sin." Sa seacht mbliana ó shin, an bhfuil faic déanta i ndairíre ag Roinn na bhfinnéithe nó ag Ranna eile, nó an cur i gcéill leanúnach a bhí i gceist? An bhfuil aon iarracht dairíre i gceist anseo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.