Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

5:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Bhíomar ag iarraidh fáil amach cén dualgais atá ar an Roinn maidir leis an Státchóras uilig. Dheimhnigh na finnéithe dúinn nach bhfuil dualgas acu maidir leis na Ranna eile. Tá mise beagáinín measctha ag an bpointe sin, ní de bharr an Bhéarla agus na Gaeilge. Ní dóigh liom go bhfuil na finnéithe cinnte faoi na dualgais atá orthu. Tiocfaidh mé ar ais go dtí an pointe sin faoi na dualgais áirithe atá ar an Roinn. Tá an Seanadóir O'Reilly ag iarraidh teacht isteach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.