Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 October 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates For Public Services 2017: Vote 33 - Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

1:30 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Maidir leis an easpa airgid, sin an scéal i gcónaí. Bíonn daoine ag rá i gcónaí go bhfuil airgead, deontais, cuidiú agus infheistíocht de dhíth. Sin an fáth go bhfuil mé sa phost agus ag fáil airgid. É sin ráite, tá dea-scéal ann i gceantair Ghaeltachta fosta. Bhí an Cathaoirleach i gCiarraí agus i nDún na nGall, áit a raibh sé san amharclann. Tá dea-scéalta agus sár-obair déanta sna ceantair Ghaeltachta fosta. Nuair a bhí mise ar m'aistear thar na blianta a chuaigh thart, bhí mé i gConamara, Carna, Bearna, Daingean Uí Chúis agus áiteanna eile agus bhí na daoine ann ag coiméad an teanga beo. Daoine iad seo a tógadh le Gaeilge agus atá ag coiméad an teanga beo. Tá aitheantas tuillte acu siúd a bhfuil ag tógáil a leanaí le Gaeilge mar níl sé sin furasta toisc go bhfuil an Béarla chomh láidir. Tá an Béarla láidir sna meáin shóisialta fosta, ach sna ceantair Ghaeltachta agus lasmuigh dóibh tá daoine ag úsáid na teanga i dtéacsanna agus ar Twitter agus Facebook, agus is léir go bhfuil sé níos feiceálaí.

Maidir leis na comharchumainn, cinnte go bhfuil tacaíocht de dhíth. Tá daoine ag obair go crua agus daoine ag obair go deonach fosta. Tá struchtúr de dhíth. Sin an fáth gur thosaigh Dinny McGinley leis an phróiseas fá dtaobh den phleanáil teanga in 2012. Bhí mise i nGaoth Dobhair agus d'fhógair agus lainseáil mé na chéad trí phlean teanga a chlúdaíonn áiteanna ar nós Cois Fharraige, Gaoth Dóbhair, an Fál Carrach, Machaire Rabhartaigh, Rann an Feirste, Loch an Iúir agus Anagaire. Cinnte tá difear ann maidir leis na hiarratais a chur siad isteach. Chomh maith leis sin, áfach, trí bhliain ó shin ní raibh airgead ar bith ar fáil, ach d'fhógair mé €300,000 i nGaoth Dobhair fá choinne na trí dreamanna. Chuala mé, cloisim agus cím na deacrachtaí fá dtaobh de sin. An rud is mó a bhí mise ag rá ag an am ná go bhfuil bealach féaráilte de dhíth fosta. Ní mhaith liom go mbeadh níos mó airgid i gceantair amháin ná mar atá i gceantair eile. Sin an fáth go bhfuil, ag tús an phróisis, suas le €100,000 ann do gach plean teanga. Amach anseo, b'fhéidir go mbeidh bealaí éagsúla ann agus go mbeidh tacaíocht ó dhreamanna eile nó ó chúrsaí eile. Amach anseo, b'fhéidir go mbeidh comhairle ann ón gcomhairle contae nó rudaí mar sin. Tá mise sásta leis an tús. Tús maith, leath na hoibre.

Maidir le scéim na gcúntóirí teanga, tá athbhreithniú ar siúl. Tuigim na deacrachtaí a bhí ann i mí Mheán Fómhair. Níor foilsíodh aon rud agus tuigim na deacracthaí a bhain leis sin. Amach anseo, i ndiaidh an athbhreithnithe, b'fhéidir go mbeidh an fógra déanta níos luaithe sa bhliain.

Tá sé sin de dhíth. Tá an éileamh ag dul suas, áfach. Tá bunscoileanna agus meánscoileanna eile ag iarraidh níos mó airgid agus tacaíochta. Tá sárobair déanta ag an dhá dream sa Mhumhain, agus Muintearas fosta, agus b'fhéidir go mbeidh seans eile ann amach anseo. Tá córas nua á chur i bhfeidhm chun an fhadhb sin a sheachaint an chéad bhliain eile. Tá súil agam go mbeidh an scéim seo ceadaithe roimh thús na scoilbliana as seo amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.