Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 October 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates For Public Services 2017: Vote 33 - Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

1:30 pm

Chairman:

Ligfidh mé isteach an Teachta níos déanaí. Tá cúpla ceist agam féin. Tá mise ag déanamh camchuairt ar na Gaeltachtaí thar timpeall na tíre. Bhí mé ar na hoileáin Árann cúpla mí ó shin agus bhí mé i gCiarraí cúpla seachtain ó shin. Bhí mé thuas i nDún na nGall chomh maith agus Dé hAoine seo chugainn beidh mé i Maigh Eo. Is léir go bhfuil easpa uafásach airgid ann ó thaobh na gcomharchumann agus an phleanáil teanga. Tá a fhios agam gur ábhar conspóideach nó cnámh spairne é an t-airgead, ach tá titim mhór san airgead i mbliana don Irish language, Gaeltacht and the islands. Dar leis na daoine atá i mbun oibre sna comharchumainn, níl siad in ann maireachtáil nó dul ar aghaidh mar atá rudaí anois. Bhí mé ag caint leis na daoine atá i mbun na bpleananna teanga agus, dar leo, tar éis na oibre go léir atá déanta acu, ní fiú ach liathróid a dhéanamh den phlean agus é a chaitheamh sa bhosca bruscar. Sin an méid feirge agus ísle bhrí atá orthu. Tuigim nach bhfuil an tAire Stáit ach tar éis teacht isteach ina phost nua agus tá a fhios agam nach féidir leis a rá cad atá sa bhuiséad. Táim ag iarraidh, áfach, é a chur os a chomhair go bhfuil an fhadhb seo ann.

Bhí mé ag caint faoi na cúntóirí teanga sna scoileanna. Tá a fhios agam go bhfuil an t-airgead do na cúntóirí teanga ag teacht ón Roinn seo. Ní bhíonn a fhios ag na cúntóirí teanga go dtí an dara leath de mhí Mheán Fómhair nó, b'fhéidir, mí Dheireadh Fómhair go bhfuil siad le tosú nó cathain a bheidh siad ag tosú. Ní thosaíonn siad sa phost go dtí an dara leath de mhí Mheán Fómhair agus ní bhíonn siad ann go dtí deireadh na scoilbliana. Ó thaobh cearta oibrithe de, is mór an trua é nach bhfuil an t-eolas sin acu. Is mór an trua freisin nach bhfuil an scéim sin á leathnú ag an Roinn ó thús na scoilbliana go dtí deireadh na scoilbliana. Maidir le cáilíochtaí na gcúntóirí teanga agus acmhainní, níl aon cháilíocht de dhíth ag cúntóirí teanga ach go bhfuil siad in ann labhairt as Gaeilge agus níl feck all acmhainní ag baint leis an bpost freisin. Caithfidh an Rialtas struchtúr proifisiúnta a chur i gcrích.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.