Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 October 2017

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates For Public Services 2017: Vote 33 - Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

1:30 pm

Chairman:

Tá a fhios agam go bhfuil dea-scéalta ann sa Ghaeltacht ach tá cúpla dosaen daoine sna Gaeltachtaí thart timpeall na tíre ag an bomaite ag coiméad an córas le chéile lena chuid ingne, má thuigeann an tAire Stáit mé. Sin chomh deacair is atá rudaí. Tá a fhios agam nach bhfuil an tAire Stáit sa phost ach le giota beag ama agus, mar sin, nílim chun díriú an iomarca air sin. Mar gheall ar an airgead atá á chur sna pleananna teanga, áfach, tá níos mó airgid le fáil ag comhlacht amháin i faoiseamh cáin i mbliain amháin sa tír seo ná mar atá ag dul isteach i ngach plean teanga thart timpeall na tíre. Tá go leor daoine ag déanamh rudaí iontacha agus tá go leor dea-scéalta ann, ach ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar an bhfíric nach bhfuil ach 800 páiste i mbunscoileanna sa Ghaeltacht ag teacht ó theaghlaigh lán-Ghaeilge. Sin chomh beag agus chomh caol is atá an Ghaeltacht ag an bomaite.

Chuala mé go bhfuil an-chuid brú ann ó thaobh airgead do na campaí samhraidh. Chualamar faoi oifigigh ealaíon agus oidhreachta sna comhairlí contae. I gContae na Mí, tá dhá Ghaeltacht beag ach níl oifigeach Gaeilge lán-aimseartha againn. Tá trí nó cheithre dhualgas eile ag an bhfear sin. Mar sin, ní féidir leis go leor oibre a dhéanamh air sin. Ba chóir go mbeadh dualgas ar gach comhairle contae maidir le cúraimí teanga ina gcuid limistéar mar níl aon chúraimí teanga ag na comhairlí contae thart timpeall na tíre. Is drochrud é sin agus, i mo thuairimse, de ghnáth déanann siad neamhaird ar an nGaeilge.

Bhí tuairisc nó breithiúnas le foilsiú maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus cá bhfuilimid anois leis. Bhí sé le foilsiú i rith an tsamhraidh ach níl sé foilsithe fós. Cathain a bheidh sé foilsithe?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.