Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá sé 7 p.m. agus táimid inár suí le fada. An bhfuil ceist ag aon duine eile ag an bpointe seo? Níl. Ag dul ar ais go dtí an cheist a chuir mé, agus b'fhéidir nár thuig na hionadaithe é, maidir leis an uair an chloig in aghaidh an lae agus an dualgas ag RTE é a sholáthar, an féidir soiléiriú a thabhairt dom chomh maith le freagraí cheisteanna an Teachta Ó Cuív? Tá sé ráite go soiléir go bhfuil TG4 i mbun comhráite le RTE. An bhfuil tréimhse ama i gceist? An mbeidh tús agus deireadh leis an bpróiseas sin agus na moltaí a thiocfaidh as? Dúirt Rónán Mac Con Iomaire linn go mbeadh sé thar a bheith sásta teacht os ár gcomhair arís in éindi leis na hionadaithe ó TG4 maidir leis na moltaí sin agus tairbhe an phróisis sin. Tá mé cinnte go mbeidh TG4 sásta é sin a dhéanamh freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.