Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Mr. Alan Esslemont:

Ó bunaíodh an stáisiún, agus fiú nuair a bhí sé faoi RTE, aontaíodh an mechanism seo uair an chloig sa lá a chur ar fáil atá bunaithe ar an mechanism atá sa mBreatain Bheag. Cuireann BBC deich n-uaire an chloig sa tseachtain ar fáil do Sianel Pedwar Cymru, S4C. Sin an áit a bhfuair muid an múnla. B'fhéidir gan an múnla ar éigean go mbeadh muid in ann teacht ar an aeir. Gach bliain ó bhí 1996 ann, suíonn muid síos le RTE agus aontaíonn muid céard a bheidh san uair an chloig sin.

As an uair an chloig sin sa lá, ó thosaigh muid bhí - grosso modo- leathuair an chloig de nuacht agus rudaí eile mar siamsaíocht ansin. Bhí go leor cartúin i gceist freisin. Ma bhreathnaítear ar an méid airgid a chur an BBC isteach an uair an chloig, bhí difríocht ann i gcónaí ó 1996 i gcomparáid leis an méid a fuair muid ó RTE. Tá comhoibriú an-mhaith ansin. Tá an t-imlíne le haghaidh an uair an chloig don bhliain seo chugainn aontaithe. Bhí cruinniú agam le Rónán Mac Con Iomaire ar maidin. Idir seo agus lár mí na Samhna, déanfar plé ar na mionsonraí ar na cláracha a chuirfidh siad ar fáil. I mbliana, d'éirigh linn méadú a chur ar na cláracha siamsaíochta atáimid ag fáil ó RTE. Tá mé an-sásta leis sin ós rud é go bhfuil an-tóir ag daoine ar chláracha siamsaíochta. D'éirigh linn laghdú a chur ar na cartúin ceannaithe. Is dóigh liom go bhfuil RTE ag déanamh a dhíchill. B'fhearr linn go mbeadh i bhfad níos mó airgid á chaitheamh ar chláracha Gaeilge do TG4 agus do RTE. Níl aon dabht faoi sin. Is mó airgid a fhaigheann muid do cláracha Gaeilge, is amhlaidh gur is láidre a bheidh TG4 agus RTE maidir leis an nGaeilge. Tá mé an-sásta leis an dul chun cinn atá á dhéanamh againn le Dee Forbes agus le Rónán Mac Con Iomaire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.