Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 September 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ar shleamhnán 9, tá tagairt do na céatadán a bhreathnaíonn ar ábhair nach teilifís beo iad. An bhfuil aon taighde déanta ar céard a bhfuil siad ag breathnú air? Ní fheicim aon difríocht idir taifead a dhéanamh ar rud éicint ar TG4 agus breathnú air ar mo am féin agus breathnú air beo. Is é an cás céanna é. B'fhéidir nach bhfuil a fhios ag TG4 é, ach is é TG4 atá ag déanamh an craolacháin. Mar sin, an bhfuil aon eolas ag na hionadaithe céard a bhfuil na daoine ag breathnú air nuair atá siad ag breathnú ar short form videos nó teilifís thaifeadta? An bhféadfaí tuilleadh a dhéanamh le cuid den mhargadh sin a fháil?

Tá an domhandú ag tarlú ach tá rudaí ag éirí níos áitiúla ag an am céanna. Níl aon dream níos fearr a chuaigh i ngleic leis an bhfadhb sin ná muintir an GAA i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath. Tá daoine ag breathnú ar spórt idirnáisiúnta agus sacar agus mar sin de, ach ainneoin sin uilig agus an domhandú sin, ní raibh an Cumann Lúthchleas Gael riamh chomh láidir is atá sé i measc an phobail meánaicmeach i ndeisceart na cathrach seo. Nuair a bhí mise ag fás aníos ann, is culchie a bhí i nduine má bhí sé nó sí ag breathnú air. Ní leor fáil réidh le sacar nó rugbaí nó whatever leis é sin a dhéanamh. Bhí orthu rud a chur ar an margadh a bhí áitiúil agus fuaireadar amach a bhí ann. Bhí sé sin le feiceáil Dé Domhnaigh seo caite agus tá sé le feiceáil an t-am ar fad leis an tinreamh atá ag na cluichí Gaelacha. Bhí orthu rud a chur ar fáil a bhféadfadh dul in iomaíocht. Chomh maith leis sin, tá spéis ag daoine breathnú ar a bpobal féin agus ar dhaoine a bhfuil aithne acu orthu. Tá go leor rudaí daonna i gceist anseo.

Is é sin an fáth go bhfuil an spéis sin agam. Céard a bhfuil daoine ag breathnú air? An bhféadfaimid níos mó ábhair dhúchasacha a chur ar fáil dóibh ar na meáin nua seo ar fad? Is gearr in Éirinn nach mbeidh deis ag éinne mar fibre a bheidh i ngach uile theach ach ní dhéanfaidh sé aon dhifríocht. Má tá an duine ag suí sa mbaile, bheidh sé i bhfad níos fearr, ach ní hé an bealach a scaipeann TG4 an scéal ach céard a bhfuil daoine ag breathnú air atá tábhachtach. Creidim féin fós go bhfuil an-spéis ann.

Is cuimhin liom ag fás aníos go mbíodh go leor daoine ar an gcósta thoir ag éisteacht leis an BBC. Ansin tháinig na stáisiún ar fad in Éirinn. Is beag duine a éistíonn le raidió nach bhfuil á chraoladh as Éireann anois. Bhí an áitiúlú sin i gceist. Anois tá daoine ag éisteacht le raidió áitiúil, rud nach raibh ann ag an am. Tá spéis agam sa cheist seo. Cá bhfuil muid ag dul?

Is dóigh go n-éiríonn an cheist eile maidir le hairgead. Tá an saol ag athrú ar t-am ar fad. Tá apps ag teacht. Bhí na hionadaithe ag caint ar Android agus a leithéid. An bhfuil airgead ag teastáil le go mbeidh TG4 in ann bogadh chomh sciobtha agus dream ar bith eile go dtí na deiseanna nua craoltóireachta seo? Bhí na hionadaithe ag caint ar aois-ghrúpaí agus mar sin de, ach tá chuile aois-ghrúpa ag úsáid iPads agus chuile chineál rud. Ná bíodh muid ag ceapadh gurb é an dream óg amháin. Ta chuile dhuine ag breathnú ar rudaí taifeadta. B'fhéidir go bhfuil cabhair uainn, ach tá formhór an phobail á dhéanamh. Dá éascaí a imíonn na rúdaí sin lena n-aimsiú, is mó go bhfuil daoine ag baint úsáid as. An bhfuil gá infheistiú?

Beidh áthas ar an gCathaoirleach a chloistéail gurb í seo mo cheist deiridh. Tá TG4 ag déanamh an jab ar €32 milliún. Bail ó Dhia ar an stáisiún. Nuair a fheicim an t-airgead atá á fháil ag RTE1 - nílim ag caint ar gach rud ar fad amuigh ansin mar tá rudaí ar nós an ceolfhoireann siansach ann - caithfidh TG4 an lá uilig a líonadh ach an oiread leo féin, agus tá an lá chomh fada ag TG4 agus atá acu siúd. Caithfidh mé a rá go bhfuil éacht á dhéanamh ag TG4. Ceapaim féin go bhfuil TG4 ag iarraidh fíorbheagáin. Faigheann TG4 €4.245 mhilliún as an gceadúnas agus as an airgead a íocann an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí ar an saorcheadúnas dóibh siúd a bhfuil saorcheadúnas acu. Feictear dom go bhfuil sé sin scanallach, mar is é sin an ciste atá ag méadú gan aon iarratas. Chuile uair a thógtar teach nó áras nó rud ar bith sa tír seo, agus beidh borradh faoi sin le cúnamh Dé go luath, beidh airgead ó cheadúnas breise ag dul go RTE. Is é an figiúir atá i gceist ná 92%. Beidh TG4 fós agus na lámha amach aige ag an Státchiste.

An mb'fhearr le TG4, agus an mbeadh sé níos fearr do TG4 go fadtéarmach, an rud a bhí mise ag moladh le fada, sé sin, go gcuirfí airgead an Státchiste, an €28 milliún nó cibé rud atá TG4 ag fáil, airgead an cheadúnais agus airgead na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí in aon phota amháin agus go mbeadh céatadán dó sin le fáil ag TG4, agus chuile uair a thógtaí teach, go bhfaigheadh TG4 a sciar féin dó chomh maith le RTE agus leis an gcoiste craolacháin? Nuair a thagann an drochuair, ní ghearróinn an ceadúnas ariamh. Murach gur tháinig mise i gcabhair trí airgead a chur ar fáil as an gceadúnas ag an am, bheadh sé níos measa. Sin ceist fhíorbhunúsach pholasaí. An ndéanfadh sé an jab níos éasca ó thaobh bolscaireachta de? Is bolscaireacht de chineál eile é go bhfaightear airgead chuile uair a thógtar áitreabh, ach bíonn líon an áitribh ag dul suas thar am ar aon chuí.

Tréaslaím saothair TG4 leis na hionadaithe, ach ceapann féin, má táimid ag caint ar public service broadcasting, rud a labhraíonn RTE go minic, agus an beagán atá TG4 ag fáil don chraoladh, féadfaí go leor den rud atá ar RTE a fháil áit ar bith ar domhan. Má tá craoltóir náisiúnta ann, is TG4 é agus ní RTE, ach sin scéal eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.