Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 26 September 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Craoltóireacht in Éirinn trí mheán na Gaeilge: Díospóireacht (Atógáil)
5:00 pm
Mr. Alan Esslemont:
Is méadú an-suntasach é. Chuirfeadh muid an €6 mhilliún atá muid á lorg amach go dtí an earnáil neamhspleách agus méadú an-suntasach a bheadh ann. Mar a mhínigh an tUasal Ó Ciardha agus Iníon Uí Dhálaigh, is comhlachtaí an-mhaith agus an-láidir iad na comhlachtaí a oibríonn do TG4. Tá cuid acu ag feidhmiú ag leibhéal idirnáisiúnta. Bheadh an €6 mhilliún breise ag dul isteach san earnáil neamhspleách agus go leor dó sna réigiúin. Tá clusters anois thart ar Ghaillimh agus thart ar Phort Láirge. Is iad sin na clusters is tábhachtaí taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Gan infheistíocht ó TG4, ar éigean go mbeadh aon tionscadal teilifíse taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.
No comments