Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Scrúdú Cainte sa tSraith Shóisearach: An Roinn Oideachais agus Scileanna

5:35 pm

Mr. Gary Ó Donnchadha:

Tá an-ghaol ar fad idir an phróiséas féin-mheastóireachta scoile agus an fás atá i gceist i dtaobh na scileanna a thabhairt do mhúinteoirí chun a ndaltaí féin a mheas ó thaobh cumas cainte nó cumas ó bhéal. Táimid ag iarraidh cultúr úrnua a bhunú sna scoileanna. Tá an-iarracht déanta ag an gcigireacht chun an cultúr sin a fhás. Nílimid ag fanúint i gcomhair seirbhísí seachtracha chun teacht chuig an scoil chun a rá nach bhfuil an caighdeán seo sách maith go leor. Táimid ag tacú le scoileanna chun an scil féin-mheastóireachta a bhunú lastigh den scoil féin agus chun, diaidh ar ndiaidh, na hábhair éagsúla a thógaint agus dírbhreathnú a dhéanamh ar conas mar atá caighdeán an oideachais agus caighdeán na foghlama ann. Ritheann sé sin leis an gcumas atá ann chun tacú le múinteoirí agus an bhéaltriail atá ar siúl á reáchtáil acu féin seachas a bheith ag lorg tacaíocht ón dtaobh amuigh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.