Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Scrúdú Cainte sa tSraith Shóisearach: An Roinn Oideachais agus Scileanna

5:35 pm

Dr. Harold Hislop:

Sea. Glaotar "moderation" air i mBéarla. Beidh ar na múinteoirí suí síos lena chéile agus cruinniú moderation a bheith acu. An teideal oifigiúil atá air ná "subject learning, assessment and review meeting". Tá aistriúchán déanta air sin chomh maith. Is é fáth na cruinnithe sin ná go mbeidh ar na múinteoirí suí síos agus an obair a thagann ó na daltaí a scrúdú. Abair go raibh an triúr againne inár múinteoirí. Bheadh cruinniú againn agus bheadh samplaí oibre as na ranganna atá ag an Uasal Ó Donnchadha, ag Iníon Uí Scannláin agus agamsa. Chaithfeadh muid iad go léir a chur ar an mbord agus a phlé. Má bhíonn ardchaighdeán bainte amach ag mic léinn Iníon Uí Scannláin, beidh ceist. Cén fáth nach bhfuil an caighdeán céanna á bhaint amach ag na mic léinn atá faoi mo chúramsa? Tiocfaidh an cheist sin suas go nádúrtha. Ón taobh eile de, is é sin an t-eolas atá faighte againn nuair atá córas mar seo ag obair, déanann sé sin feabhsú ar chur i láthair agus caighdeán múinteoireachta na n-oidí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.