Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 27 June 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
An Scrúdú Cainte sa tSraith Shóisearach: An Roinn Oideachais agus Scileanna
5:35 pm
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Gabhaim mo bhuíochas leis na finnéithe as an gcur i láthair. Tá an chuid eolas ann, go háirithe maidir leis an tsraith ceisteanna dheireanach ansan ón Seanadóir.
Tá an t-ábhar seo tagtha chugamsa ó dhaltaí agus ó mhúinteoirí sa Ghaeltacht agus i nGaelscoileanna. Bhraith siad go raibh buntáiste nó scil faoi leith acu agus go raibh sé anois á chur ar leataobh agus go rabhadar á tharraingt anuas chuig leibhéal eile agus dumbing down ann agus deis a bhí acu á bhaint uathu ar fad. Díreoidh mé ar chúpla rud mar gheall ar an dréachtphlean a bhí ag an Roinn. Tuigim go raibh thart ar 40% de na marcanna ag dul i dtreo an scrúdú béil. Leis an bplean nua seo, cén luach nó céatadán a bheidh ag an píosa labhartha? Luadh go bhfuil measúnú nó tuairisc á dhéanamh ag an mac léinn féin sa CBA-----
No comments