Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 13 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22: Múinteoirí Meánscoile

5:30 pm

Ms Máire Clár Nic Mhathúna:

Dúirt siad go raibh foghlaim de ghlanmheabhair a bhí sa scrúdú cainte mar a bhí sé, gur fhoghlaim na scoláirí ceist agus freagra agus mar sin de, gur thit sé amach in suíomh saorga nach raibh nádúrtha agus gur bhfearr i bhfad go mbeadh measúnú a dhéanamh thar tréimhse níos faide ná sin. Ach leis an measúnú rangbhunaithe seo, is cur i láthair, dráma, agallamh beirte nó ceisteanna a fhreagairt nó rud éigin atá ann agus beidh sé cleachtaithe agus ceartaithe ag na múinteoirí díreach mar a bheadh an seanscrúdú cainte. Sin a dúirt siad. Seachas marcanna a bhronnadh ar an ócáid deich nóiméid seo, bheadh measúnú thar thréimhse níos faide ná sin. Ag deireadh an lae, áfach, déarfaidh siad leat "iontach maith ar fad", "go measartha" nó "sásúil". Ní insíonn sé sin rud ar bith faoin líofacht nó faoin chaighdeán atá bainte amach ag an scoláire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.