Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 13 June 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22: Múinteoirí Meánscoile

5:30 pm

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam. Ar an gcéad dul síos, b'fhéidir nach bhfuilim ag leanúint an stuif seo an méid is atá daoine eile. Más buan mo chuimhne, áfach, tá siad tar éis an méid marcanna atá ann don bhéaltriail san ardteist a mhéadú. Mar sin, tá sé seo ag dul in aghaidh an sruth beagánín agus ní thuigim cad ina thaobh gur tharla sé sin.

Tuigim an méid atá á rá ag na finnéithe faoin measúnú rangbunaithe. Tá siad ag teacht ar ais i gcónaí dó. Ar thug siad na cúiseanna gur thaithin an MRB leo in ionad na béaltrialach? Feicim freisin go raibh an béaltriail lena bheith sa tsonraíocht. An raibh eagraíochtaí, an Roinn nó aon duine eile ag déanamh aighneachtaí sa tslí gur tháinig athrú ar an scéal sin? B'fhéidir go mbaineann an cheist seo beagánín le hábhar eile, ach conas a oibríonn an béaltriail don ardteist faoi láthair? An bhfuil rudaí le foghlaim ón ardteist a bhféadfaí a chur i bhfeidhm sa teastas sóisearach? Má bhainfear an béaltriail den teastas sóisearach, d'fhéadfaí a rá go mbeidh impleachtaí aige sin don ardteist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.