Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 13 June 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22: Múinteoirí Meánscoile
5:30 pm
Ms Orla Ní Cheallaigh:
Sin rud eile. Tá an tuairim sin anois ann nár cheart tada a fhoghlaim de ghlanmheabhair. I ndáiríre, ní aontaím leis. D'fhoghlaim muid uilig rudaí de ghlanmheabhair. D'fhoghlaim mise contaetha na hÉireann san ord a raibh siad sa mbunscoil i rang a ceathar agus tá siad fós agam. Níl aon dochar le rudaí a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Tá siad ag iarraidh go mbeadh tuilleadh fiosrúcháin - tuigim é sin agus aontaím leis sin - ach bhí daltaí ag foghlaim de ghlanmheabhair, agus tá, don scrúdú cainte sa teastas sóisearach agus san ardteist. Don ardteist ar fad, tá daltaí ag foghlaim rudaí de ghlanmheabhair. Sin an córas atá againn faoi láthair. Mar a dúirt mé ar ball, b'fhearr liom go bhfoghlaimeoidh siad de ghlanmheabhair "Seán is ainm dom. Tá mé 13 bliana d'aois. Tá cónaí orm i gcathair na Gaillimhe" seachas "Rugadh agus tógadh Eminem i Missouri sa bhliain 1972. D'fhreastail sé air...". Ní dhéanann sé ciall ar bith.
San ardteist, éiríonn go maith leis na daltaí ó scoileanna Gaeltachta sa scrúdú cainte. Sna scoileanna Béarla, tá roinnt dalta ábalta 20 sraith pictiúir atá ann a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Fair play dóibh. Cuid eile, tá siad in ann abairtí bunúsacha a chur le chéile. Tríd is tríd, áfach, is fearr leo i bhfad an scrúdú cainte ná an scrúdú scríofa. Tugann sé deis. Ag deireadh an lae, caithfimid a bheith in ann an teanga a labhairt. Mar sin, ní thuigeann muid cén fáth gur baineadh an scrúdú seo. Ní dóigh liom go ndearnadh plé ceart ar bith. Ní dóigh liom gur chuardaigh siad taighde nó tuairimí cearta. Dúradh liom go raibh suirbhé ar an suíomh agus bhí duine in ann dul isteach agus é a dhéanamh, ach ní raibh a fhios agam go raibh an suíomh ann ná bac leis an suirbhé. Dúradh rudaí eile. Mar shampla, "I mo scoilse, níor éirígh ach le méid áirithe daltaí na grádanna seo a bhaint amach." Tá chuile scoil difriúil, áfach. Níl staitisticí nó treoracha cearta ann. I ndáiríre, ní chreidim go bhfuil siad ag iarraidh é seo a dhéanamh.
No comments