Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 13 June 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22: Múinteoirí Meánscoile
5:20 pm
Mr. Micheál Ó Suilleabháin:
Is as Ráth Chairn dom féin. Tá mé ag múineadh san Uaimh i gContae na Mí i gColáiste Beaufort. Is scoil DEIS í agus is scoil í a bhíonn ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla. Is scoil T2 í. Is í an Ghaeilge an dara teanga, mar a déarfá, sa scoil. Anuas air sin, tá 27 teanga á labhairt sa scoil go laethúil mar is scoil ilchultúrtha í. Tá mise ag obair ansin anois le trí bliana. Mar a deir Iníon Uí Cheallaigh, tá sé ráite gurb é an snáithe cumarsáide an snáithe is tabhachtaí sa rud seo agus go gcuirfidh na daltaí feabhas ar a gcuid scileanna cumarsáide trí bheith ag úsáid teanga a bhaineann lena saol féin agus leis an saol i gcoitinne. Gheobhaidh siad taithí ar a bheith ag cur faisnéise i láthair ar a son féin nó ar son grúpa trí mheán na Gaeilge. Sin rud a fheictear domsa a shásaíonn an scrúdú cainte mar atá anois. Bíonn na gasúir in ann iad féin a chur in iúl agus labhairt fúthu féin, a theaghlaigh agus na rudaí ina ngarthimpeallacht. Beidh sé an deacair, áfach, iad a chur os comhair a bpiaraí ag déanamh cur i láthair i dteanga nach bhfuil siad compórdach inti. Tá Béarla líofa ag formhór na tíre ach ní shin an cás leis an nGaeilge. Feictear dom go mbeadh náire, imní agus gnóthachtáil íseal sna scoileanna T2. Céard is fiú é ach, abair, ceann de na habairtí sin ag deireadh na lae? Sin a gheobhaidh siad: thar barr ar fad, os cionn na n-ionchas, ag teacht leis an ionchas, agus ionchas le baint amach fós.
Maidir leis an mbéaltriail roghnach atá ar siúl faoi láthair, déanann muide i gcónaí é sa scoil seo againne. Tháinig feabhas ar thorthaí na ndaltaí agus suim agus grá don teanga dá bharr. Is iomaí duine a labhraíonn go maith ach nach bhfuil chomh cumasach sin ar pháipéar. Feicim é sin go láidir i mo scoil féin, go mór mar gheall gur scoil ilteangach í. Tá an cás sin ann agus ní mhaith liom go laghdódh sé sin. Cuireann sé ar a suaimhneas iad don ardteist, áit a bheidh 40% ag dul don scrúdú cainte arís, chomh maith. Mar sin, is iontach an rud é a bheith ann. Beidh deacrachtaí againn mar beidh na daltaí ag plé agus ag cur is ag cúiteamh ar ghearrscéalta, filíocht agus drámaíocht agus, mar shampla, topaicí an-sainiúil a bhaineann leo, ach ní a ngarthimpeallacht, mar a déarfá.
Beidh foghlaim de ghlanmheabhair i gceist leis an rud nua seo chomh maith leis an seanrud a bhíodh ann. Feictear domsa, áfach, nach drochrud é sin le teanga a shealbhú. Dá gcasfainn le Francach nó le Gearmánach, bheinn in ann m'ainm nó cúpla rud a rá mar gheall gur fhoghlaim mé de glanmheabhair iad nuair a bhí mé féin sa scoil. Feicim é seo go minic i mo scoilse. Beidh siad ag iarraidh a bheith ag imeacht ón teanga. Beidh siad ag cuartú díolúine nach mbeadh orthu é a dhéanamh. Tá mé ag ceapadh go gcuirfidh sé seo leis an gcraic sin agus leis an méid sin.
Dá mbeinnse ag tógáil tí amárach agus fadhb agam leis an doras chun tosaigh, ní bhainfinn amach an doras uilig ach chuirfinn feabhas ar an doras mar gheall go bhfuil fiúntas ag baint leis an doras sin. Feicim go bhfuil an scrúdú cainte mar sin. Tá fadhbanna beaga ag baint leis, ach ní shíleann sé sin go gcaithfear é a chaitheamh amach uilig. Is botún ollmhór é dar linne an scrúdú cainte a fhágáil ar lár agus impímid ar an gcoiste smaoineamh go cúramach ar an méid atá ráite ag an triúr againn inniu.
No comments