Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 13 June 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22: Múinteoirí Meánscoile
5:20 pm
Pat Gallagher (Donegal, Fianna Fail) | Oireachtas source
Cérbh as a tháinig an smaoineamh seo? Ní luíonn sé le ciall ar chor ar bith. Tá mise den bharúil go bhfuil an Roinn ag iarraidh deireadh a chur leis na coláistí samhraidh. Goidé a mbeidh tuismitheoirí ag cur na páistí go dtí na coláistí samhraidh muna fiú é do mharcanna ag deireadh an lae? An gceapann na finnéithe go bhfuil an cluiche thart anois nó an bhfuil sé ró-mhall chun rud éigin a dhéanamh fá dtaobh de? Muna bhfuil, bheinn sásta, agus tá súil agam go mbeadh mo chomhghleacaithe agus iad siúd go léir atá anseo sásta, rud éigin a dhéanamh go práinneach fá dtaobh de seo.
No comments