Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 13 June 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22: Múinteoirí Meánscoile
5:20 pm
Ms Orla Ní Cheallaigh:
Bheinn ag súil gurb é an dalta a dhéanfadh é, ach ní bheadh a fhios ag duine - an dalta atá ceaptha é a dhéanamh. Ó thaobh na gcuraclam, tá siad cosúil lena chéile sa dá scoil - sa scoil T1 agus sa scoil T2 - ach beidh líon na n-ábhar níos lú sna scoileanna Béarla. Mar shampla, má tá cúig dhán le déanamh sna scoileanna Béarla, beidh deich ndán le déanamh sna scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta. Níl fadhb againn leis sin. Déanann sé sin ciall. Beidh níos mó filíochta nó amhrán ag na scoileanna Gaeltachta agus níos mó próis, úrscéalta agus drámaíochta. Tá rud breise. Sna scoileanna Gaeltachta beidh litríocht bhéil nó litríocht áitiúil ann chomh maith. Níl a fhios againn cén leagan amach a bheidh ar an scrúdú. Tá sé cosúil leis an gceann Béarla i mbliana. Níl aon rialacha faoi leith.
Deir siad gurb é an snáithe cumarsáide príomhsnáithe na sonraíochta. Deir sé sa tsonraíocht go mbeidh scoláire sa scoil T1 in ann cumarsáid phearsanta agus idirphearsanta fhiúntach a dhéanamh lena chomhscoláirí agus le húsáideoirí eile an phobail teanga. Mura dtugtar aitheantas don chaint, níl seans ar bith go dtarlódh sé seo. Creidimse agus na múinteoirí Gaeilge ar fad eile a labhair mé leo gur botún atá anseo. Níl an scrúdú cainte gan locht. Tuigeann muid go mbíonn daltaí ag foghlaim rudaí de ghlanmheabhair. I mo scoil féin, áfach, díríonn na daltaí isteach, agus tá Gaeilge mhaith acu, ar an teanga, ar an ngramadach agus ar an bhfoghraíocht. Thaithin an cumarsáid leo agus bhain siad sult as. Is iomaí cainteoir dúchais le togha na Gaeilge nach bhfuil go maith ag scríobh, agus a mhalairt. Ba cheart creidiúint a thabhairt do na ceithre scileanna ar fad seachas trí cinn.
Cá bhfuil tobar na teanga? Is sa nGaeltacht atá sé. Gan scrúdú cainte, ní bheidh daltaí ag freastal ar an nGaeltacht mar ní fheicfidh a dtuismitheoirí gur fiú é. Is mór an méid airgid é €1,000. Cén fáth go gcuirfeadh tuismitheoir a dhalta ag an nGaeltacht le Gaeilge a fhoghlaim mura bhfuil aon bhéim air sa scrúdú?
Is rud breise é seo, rud difriúil, ach laghdóidh sé sin ioncam mhuintir na Gaeltachta freisin mar tiocfaidh laghdú ar líon na ndaltaí a bhíonn ag freastal. Tá tuismitheoirí inniu, chun a bheith réalaíoch faoi, ag díriú ar phointí agus ar ghrádanna. Is féidir linn a bheith idéalaíoch agus a rá go mbeidh an chumarsáid ar siúl sna ranganna. Beidh, cinnte, ag roinnt múinteoirí, agus ní bheidh ag múinteoirí eile. Tuige go gcuirfeadh siad béim ar an gcumarsáid ar fad nuair nach bhfuil aitheantas ar bith ag dul dó. Ag snámh in aghaidh easa a bheidh na múinteoirí uilig agus an scrúdú cainte seo imithe.
No comments