Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 11 May 2017

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2017
Vote 33 - Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs (Revised)

2:10 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ach is airgead an-bheag é sin. Sílim gur b'fhéidir €1 mhilliún breise a bhfuair an Roinn i mbliana le hais anuraidh. Bhí súil le i bhfad níos mó. Mar shampla, chun Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm i gceart ar chor ar bith, bhí gá le i bhfad níos mó. Os rud é go bhfuil a fhios ag an Aire Stáit go mbeidh go leor airgid le spáráil ag an Aire as seo go deireadh na bliana agus go gcaithfear é a chaitheamh faoi dheifir, an mbeidh sé ag déanamh iarratais ar €4 mhilliún nó €5 mhilliún breise a fháil ón Aire le caitheamh ar an nGaeilge, an Ghaeltacht agus na hoileáin? Is cuid an-tábhachtach den Roinn é sin, ach cuid den Roinn ina raibh an tAire Stáit ag rá nach bhféadfaí an straitéis a chur i bhfeidhm ann, rud nár ghlac mé leis. Is é an leithscéal a bhí á thabhairt ná nach raibh an Roinn in ann an straitéis a chur i bhfeidhm i ngeall nach raibh dóthain airgid sa tír. Ní hamháin anois go bhfuil dóthain airgid sa tír, ach tá fuíollach airgid ag an Aire. An mbeidh an tAire Stáit ag déanamh iarratais ar airgead breise a fháil ón Aire le caitheamh sa mbliain 2017 ar na rudaí riachtanacha ar fad a theastaíonn óna rannóg?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.