Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 11 May 2017

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2017
Vote 33 - Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs (Revised)

2:10 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Táimid ag plé na rudaí seo laistigh den Roinn faoi láthair. Dúirt an Teachta go raibh airgead beag faighte againn. Mar a dúirt mé, bhíomar in ann €2.4 milliún breise a fháil do Údarás na Gaeltachta in 2016 in éineacht leis an €1 mhilliún breise roimhe sin sna Meastúcháin Athbhreithnithe. Freisin, fuaireamar ardú san airgead reatha don údarás, don straitéis agus do na scéimeanna Gaeltachta freisin. Táimid á phlé laistigh den Roinn. Más rud é go mbeidh airgead ar fáil, beidh Roinn na Gaeltachta agus na n-oileán ag iarraidh cuid den airgead sin - bí cinnte faoi sin. Nílim chun geallúint a thabhairt ag an am seo seachas le rá go mbeimid ag déanamh chuile rud chun breis airgid a chur ar fáil don Roinn. Tá an t-údarás ag breathnú ar chuid de na pleananna teanga faoi láthair. Níl móran costais a bhaineann le na pleananna sin faoi láthair. Níor tháinig aon cheann de na pleananna sin os mo chomhair freisin. Tá a fhios agam go mbeidh suas le 13 chinn ceadaithe roimh dheireadh na bliana seo. Ó 2018 ar aghaidh, teastaíonn breis airgead don scéim sin chun na pleananna teanga sin a chur i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.