Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 11 May 2017
Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Estimates for Public Services 2017
Vote 33 - Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs (Revised)
2:10 pm
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá a fhios agam. Táimid á phlé sin agus ag breathnú ar sin. Bhí mé sásta i rith na bliana airgead a fháil, mar shampla, do Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Bhí €250,000 breise ar fáil ansin. Bhíomar in ann €250,000 breise a fháil freisin mar airgead reatha do Údarás na Gaeltachta agus bhí an t-údarás in ann an chuid is mó den airgead sin a chur ar fáil do na comharchumainn Gaeltachta agus oileánda trasna na tíre. Bhí siad sásta le sin, ainneoin go bhfuil siad ag iarraidh níos mó. Tá a fhios agam é sin. Déanann siad an-obair leis an airgead agus tá siad faoi bhrú go mór maidir le costais árachais agus rudaí mar sin. Ach, bhí siad sásta go raibh ardú don chéad uair ó 2008 sa bhuiséad atá acu. Tá comharchumainn nua anois ar ais arís ar Inis Meáin agus ar Toraigh. Is nuacht maith é sin freisin. Tá pleananna acu agus tá siad ag dul ar aghaidh.
Dúirt mé freisin san óráid ag tús an chruinnithe go bhfuil breis airgid ann do Údarás na Gaeltachta mar airgead caipitil. Fuaireamar €250,000 freisin chun ardú a dhéanamh ar na deontais do mhná tí. Is é sin an chéad ardú ó 2008. Sílim go raibh siad sásta le sin freisin. Is céim thábhachtach é sin chun tacú leis an obair thábhachtach atá siad ag déanamh ar son na Gaeilge. Is ardú suntasach é do na ceantair Gaeltachta faoin tuath. Tá an-chuid de na mná tí ag dul in aois. Teastaíonn daoine nua chun áiseanna a chur ar fáil. Bhíomar in ann breis airgid a fháil chun feabhas a chur ar thithe na ndaoine nua a bheidh ag cur a dtithe ar fáil do fhoghlaimeoirí Gaeilge. Bhí mé sásta le sin freisin.
No comments